D’fheall  DJ Carey mo mhuinín nuair a bhíomar geallta, a deir Sarah Newman

07/07/2025

Labhraíonn iar-réalta Dragons’ Den Sarah Newman faoin gcaoi a fuair sí amach go raibh DJ Carey ag déanamh calaoise

Tá rabhadh eisithe ag Sarah Newman – ‘bígí  ag faire do na bratacha dearga (red flag)’ – agus í ag labhairt faoin nóiméad a raibh a caidreamh le DJ Carey thart.

Sarah agus DJ
Sarah agus DJ

Bhí caidreamh naoi mbliana ag an iar-bhean ghnó de chuid Dragons’ Den agus bhí sí gealltale laoch iomána Chill Chainnigh.

 Ach i 2012, thit a saol pearsanta as a chéile.

 Bhí uafás uirthi nuair a fuair sí amach go raibh Carey ag insint bréaga le cairde faoi ‘ailse inchinne doleigheasta (incurable)’ a bheith aige, chun airgead a fháil, rud a d’fhág gur chuir sí a rannpháirtíocht ar ceal agus DJ a thuairisciú do na gardaí.

 Phléadáil an t-iománaí ciontach ,i gCúirt Chuarda Bhaile Átha Cliath, , an tseachtain seo caite,  i 10 gcúiseamh maidir le calaois a dhéanamh ar dhaoine trí ligean air go raibh ailse air.

Tá sé anois ag fanacht le pianbhreith i mí Dheireadh Fómhair.

Carey ag an gcúirt
Carey ag an gcúirt

Labhair Sarah den chéad uair faoin nóiméad a d’fhoghlaim sí faoi bhréaga Carey, rud a chur deireadh leis an gcaidreamh.

Ag labhairt leis an Irish Independent, dúirt sí go raibh sí ‘go hiomlán aineolach faoina bhréaga’ ach go mbraitheann sí anois b’fhéidir gurbh í féin ceann dá íospartaigh ba mhó’.

Fuair sí amach go raibh Carey ag insint bréaga faoi ailse a bheith aige nuair a bhí achrann aici le fear gnó, a thug Range Rover úrnua do DJ, ag súil go n-íocfadh sé ar ais é i dtráthchodanna (instalments) –  ach dhiúltaigh an banc na seiceanna.

Stop an fear Sarah lá amháin agus í ag tiomáint isteach ina dteach sa K Club agus dúirt sé gur raibh DJ ag rá leis go raibh cóireáil ailse á fháil aige sna Stáit Aontaithe. Sin an chéad uair a chuala Sarah trácht air sin.

Thug Sarah aghaidh ar DJ faoin méid a dúirt an fear gnó léi agus dúirt sé go raibh an fear ag insint bréaga.

Ba é sin an nóiméad a raibh a fhios aici go raibh a gcaidreamh thart, a dúirt sí.

Sarah Newman
Sarah Newman

Tar éis dóibh scoilt, d’fhoghlaim sí nach raibh sa scéal a d’inis sé don fhear gnó ach an chuid is lú den scéal, mar go raibh sé ag insint bréaga faoina shláinte chun airgead a fháil.

Bhí tionchar buan ag cailliúint a caidrimh ar bhealach chomh trámach sin ar Sarah.

Dúirt sí nach raibh ‘muinín aici as duine ar bith ar feadh thart ar 10 mbliana’ agus dúirt sí nach raibh sí in ann maithiúnas a thabhairt dó as a ndearna sé.

Ag labhairt di faoin méid a d’fhoghlaim sí ó bheith i gcaidreamh le DJ, dúirt sí: ‘ Bígí ag faire amach do na bratacha dearga. Ach tá sé níos éasca a rá ná a dhéanamh.’

Tugtar Bantiarna Digby ar Sarah anois, tar éis di an milliúnaí Lord Henry Digby, Barún Uíbh Fhailí, a phósadh
Tugtar Bantiarna Digby ar Sarah anois, tar éis di an milliúnaí Lord Henry Digby, Barún Uíbh Fhailí, a phósadh

Tugtar Bantiarna Digby ar Sarah anois, tar éis di an milliúnaí Lord Henry Digby, Barún Uíbh Fhailí, a phósadh, i searmanas i mí na Samhna anuraidh.

Dúirt sí: ‘Bhog mé ar aghaidh i bhfad ó shin. Tá an-áthas orm. Tá saol an-sona agam agus tá cairde an-dáiríre agam a bhfuil grá agam dóibh, agus tá súil agam go mbraitheann siad mar an gcéanna fúm.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram