Air fryer: D’fhéadfadh sé a bheith ag costas níos mó ná mar a cheapfá

18/06/2025

Is é an air fryer an uirlis is áisiúla le haghaidh cócaireachta le déanaí, ach deir an Martin Lewis podcast d’fhéadfadh costas a úsáid a bheith níos mó ná an oigheann nó an micreathonnán

Tá rabhadh á thabhairt d’úinéirí air fryer faoi na difríochtaí idir an gléas sin agus oigheann agus iad ag cócaireacht bia.

Tá air fryer anois i go leor tithe, agus is minic a úsáidtear é in ionad oigheann. Tógann sé níos lú ama cócaireacht a dhéanamh ar bhia leis, agus is féidir beagnach cócaireacht a dhéanamh ar rud ar bith ann.

An Martin Lewis Podcast
An Martin Lewis Podcast

Labhair Martin Lewis, saineolaí airgid, faoina thaithí a bhí aige le déanaí.

Ar a phodchraoladh, The Martin Lewis Podcast, dúirt sé: ‘Tugann micreathonn teas seasta, ach téann oigheann suas go dtí teocht ard agus ansin íslíonn sé arís. Mar sin, ní bhíonn sé ag rith ag lánchumhacht an t-am ar fad.’

Maidir le práta bácáilte, dúirt sé: ‘Más práta amháin atá uait, is sa mhicrea-oigheann nó san air fryer is saoire é a chócaireacht.’

Dúirt sé freisin gurb é 40c in aghaidh na huaire praghas an leictreachais. Má tá oigheann 2000W agat agus má úsáideann tú é, tá sé sin níos costasaí. Má tá micreat-oigheann 1000W agat agus má chuireann tú air ar feadh 10 nóiméad, sin an séú cuid d’uair, agus an séú cuid de 40p sin thart ar 5c.

Dúirt sé gurb é 24.5c an meánchostas a bhaineann le hoigheann a úsáid, ach 16c le air fryer 800W.

‘Braitheann sé,’ a dúirt sé, ‘ar an méid bia atá le cócaireacht. Má tá sé beag, is sa mhicreathonn nó san air fryer is saoire. Má tá a lán le cócaireacht, d’fhéadfadh oigheann a bheith níos éifeachtaí.’

D’inis sé dá éisteoirí gurb é an bealach is fearr le cinneadh a dhéanamh cé acu is saoire  ná eolas a bheith agat ar vataíocht (wattage) an ghléis agus cá fhad a bheidh sé ar siúl.

Air fryer
Air fryer

Má iolraíonn tú vataíocht (wattage) faoi líon na n-uaireanta agus 40c, sin a chostas.

Dá bhrí sin, má tá béilí beaga le hullmhú, is é air fryer, nó micrea-oigheann, an rogha is saoire. Má tá béilí móra le cócaireacht, seans gurb é oigheann a bheidh níos oiriúnaí.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

Léigh Níos Mó

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram