

Tá grúpa iardhaltaí ó scoil cháiliúil Gharbhaile (Garbally) i nGaillimh tar éis togra a chur ar aghaidh chun campas ‘spóirt de chách’ a chur chun cinn ag scoil nua sa cheantar.
Tá sé seo mar chuid d’fheachtas chun ainm agus oidhreacht na scoile a choinneáil agus í le bheith mar chuid de scoil chomhoideachais sa cheantar.

Deir siad go bhfuil iardhaltaí Choláiste Gharbhaile, ar nós íar-chaptaen rugbaí na hÉireann Ciarán Fitzgerald, agus laoch na hiomána Michael Duignan, in ann glúin nua a spreagadh.
Tá scoil bhuachaillí Choláiste Gharbhaile agus Ardscoil Mhuire do chailíní ag teacht le chéile chun scoil nua a bhunú sa cheantar, a osclófar an fómhar seo.
Tá tacaíocht láidir ann don tionscadal. Mar sin féin, tháinig deacracht chun cinn maidir le hainm na scoile nua, Coláiste Chluain Fearta (Clonfert).
Creideann iardhaltaí Choláiste Gharbhaile gur cheart oidhreacht spóirt na scoile sin a choinneáil beo in ainm na scoile nua; agus bhunaigh siad grúpa – ar a dtugtar Spiorad Gharbhaile – atá i mbun plé le Bord Bainistíochta Choláiste Chluain Fearta.
I measc na n-iardhaltaí a bhfuil clú agus cáil bainte amach acu sa spórt tá: iar-chaptaen fhoireann rugbaí na hÉireann Ciarán Fitzgerald, na hiar-imreoirí rugbaí idirnáisiúnta Ray McLoughlin agus Noel Mannion; iar-réaltaí iomána na Gaillimhe Conor Hayes, Iggy Clarke agus Seán Silke; agus iar-réalta iomána Uí Fhaille Michael Duignan.
Deir Spiorad Gharbhaile anois go bhfuil réiteach na faidhbe acu.
Baineann an réiteach le hoidhreacht Gharbhaile (Garbally) a úsáid chun campas ‘spóirt do chách’ a sholáthar do bhuachaillí agus do chailíní chun a gcuid scileanna a fhorbairt.
Dúirt urlabhraí Spiorad Gharbhaile, Jack Murray: ‘Níl ach 12% de leanaí iar-bhunscoile i gcoitinne tar éis caighdeáin ghníomhaíochta coirp na hEagraíochta Domhanda Sláinte (WHO) a bhaint amach, agus ba mhaith linn na háiseanna i bPáirc Gharbhaile a fheiceáil forbartha mar ionad spóirt do chách, ag soláthar dromchlaí imeartha (playing surfaces) agus cúirteanna do cibé spórt a mheallann daoine óga.
‘Ba mhaith linn go n-éireoidh leis na nglúnta atá le teacht agus go mbeidh éiteas “spóirt do chách” faoi bhláth, le háiseanna den scoth, agus go bhfaighidh gach dalta, beag beann ar chumas, a n-áit ar an bpáirc agus sa phobal.’

Molann siad, le seo, athrú ar an ainm atá beartaithe don scoil chomhoideachas nua.
Tháinig an t-ainm atá beartaithe – Coláiste Chluain Fearta – ó bhunús an dá scoil, le Coláiste Naomh Seosamh do bhuachaillí i nGarbhaile bunaithe ag Deoise Chluain Fearta, agus Ardscoil Mhuire do chailíní bunaithe ag Siúracha na Trócaire i nDeoise Chluain Fearta.
Tá Spiorad Gharbhaile ag iarraidh go dtabharfaí ‘Coláiste Chluain Fearta i bPáirc Gharbhaile’ ar an scoil nua agus go n-imreodh a foirne spóirt faoin ainm ‘Garbhaile (Garbally)’, ag léiriú a 100 bliain de shármhaitheas spóirt i go leor spóirt, go háirithe rugbaí agus iománaíocht.
Choimeádfadh sé seo an nasc le Cluain Fearta agus le Garbhaile araon, a deir siad.

Choimeádfadh sé oidhreacht Gharbhaile, freisin, a deir siad, ní hamháin chun daltaí a spreagadh le cuimhní cinn ar ghlóir san am atá thart, ach chun campas spóirt a fhorbairt a chabhródh le gach dalta – is cuma cén cumas atá acu – páirt a ghlacadh i spórt.
Tá gealltanas tugtha ag an ngrúpa go bhfuil a líonra iardhaltaí réidh a gcuid ama agus saineolais a chur ar fáil chun cabhrú le campas ‘spóirt do chách’ a chruthú.
Dúirt an tUasal Murray: ‘Creidimid gur acmhainn í líonra iardhaltaí Gharbhaile, le beagnach 700 teagmhálaí, ar cheart í a chothú chun an scoil nua a chur chun cinn.
‘Tá líonra Gharbhaile náisiúnta agus idirnáisiúnta araon agus is féidir leis saineolas, maoiniú agus meantóireacht a sholáthar do na glúnta atá le teacht.
‘Ní aisling é seo – is gealltanas é.’

Dúirt sé go dtacaíonn líonra suntasach iardhaltaí leis an bhfeachtas agus go bhfuil siad réidh ‘chun a gcuid ama, saineolais agus acmhainní a chur ar fáil chun an fhís seo a thabhairt chun críche’.
Dúirt sé: ‘Táimid tar éis dul i mbun oibre go cuiditheach cheana féin le Bord Bainistíochta Choláiste Chluain Fearta atá ag teacht isteach agus táimid tiomanta d’oibriú i gcomhar leis an scoil, le tuismitheoirí agus le pobal níos leithne Bhéal Átha na Sluaighe (Ballinasloe).’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.