

Tá spéis mhór ag Daniel O’Donnell sa Ghaeilge agus tá sé ag smaoineamh ar albam iomlán i nGaeilge a thaifeadadh amach anseo.
Mar a bhí luaite ar an suíomh tuairisc.ie, labhair sé leis an irisleabhar RSVP le déanaí faoin gcaidreamh atá aige leis an teanga agus a chuid pleananna don todhchaí.

‘Níl mé líofa sa Ghaeilge. Tá cúpla focal agam ach bímse ag streachailt le comhrá iomlán. Sílim go bhfuil sé sin fíor d’an-chuid daoine, fiú má tá grá acu don Ghaeilge,’ a dúirt Daniel go hoscailte.
In ainneoin na ndeacrachtaí, tá grá mór aige don teanga dúchais.
‘Is deacair an teanga í. Déanaim cláir ar TG4. Tá nathanna cainte áille sa Ghaeilge.’
Dúirt sé go mbíonn sé i gcónaí ag canadh amhrán i nGaeilge ar a chuid seónna ar TG4, agus cé go bhfuil plean aige albam a chur le chéile, níor éirigh leis é a chur i gcrích go fóill.
‘Is dóigh go bhfuil ar a laghad 20 amhrán ann. Rinne mé taifead orthu i mBéarla ach tá an leagan Gaeilge dóibh agam freisin.’
Dúirt Daniel go raibh an Ghaeilge mar chuid lárnach í dár stair agus dár gcultúr.
‘Is teanga álainn í. Is í ár dteanga í. Is linne í. Is cuid dár gcultúr, dár stair agus dár dtraidisiún í’, a dúirt sé
‘Tá sé tábhachtach greim a choinneáil uirthi. Is cuid d’Éirinn agus den Éireannachas í. Óna thaobh sin de, is gá í a choinneáil beo.’
Chuir sé béim freisin ar thábhacht na nGaelscoileanna agus dúirt sé go bhfuil cothromaíocht de dhíth sa tsochaí nua-aimseartha.
‘Tá Gaelscoileanna an-tábhachtach. Is dóigh liom go gcaithfidh cothromaíocht a bheith ann fosta. Agus Éire ag éirí níos ilchultúrtha, caithfear an tÉireannachas a choinneáil beo fosta. Tá sé sin tábhachtach.
‘Caithfimid a bheith oscailte agus fáilte a chur roimh chultúir éagsúla agus daoine éagsúla.’
Is as Cionn Caslach (Kincaslough) i nDún na nGall é Daniel O’Donnell, ceantar atá lonnaithe i nGaeltacht an chontae.
Agus is as Uaigh (Owey Island) di a mháthair Julia freisin, oileán Gaeltachta atá suite amach ó chósta Dhún na nGall.
Bíonn Daniel le feiceáil go minic ar TG4, agus bhí sé páirteach i dtionscadail Ghaeilge le blianta fada, lena n-áirítear an t-albam Le Cuidiú Dé sa bhliain 2011, ina raibh leagan Gaeilge den amhrán ‘You Raise Me Up’.
Cé nach bhfuil an t-am aimsithe aige go fóill albam Gaeilge a dhéanamh, is léir go bhfuil an dúil agus an meas ag Daniel ar a theanga dhúchais fós beo agus láidir.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.