

Tá conradh chun €287.5m a íoc le haghaidh diúracán fritancanna (anti-tank) curtha ar ceal ag an Spáinn le cuideachta Iosraelach, de réir tuairiscí.
Tá cáineadh láidir déanta ag acu freisin, mar aon le hÉirinn, ar Iosrael as a hionsaithe ar na Palaistínigh i nGaza.
Agus anois tá conradh curtha ar ceal aici – conradh chun 168 lainseálaí (launchers) agus 1,680 diúracán a cheannach ón gcuideachta cosanta Iosraelach, Rafael, de réir na dtuairiscí in AFP.

Bhí luach €287.5m ar an margadh, agus bhí an trealamh le monarú sa Spáinn faoi cheadúnas ó Rafael.
Idir an dá linn, tá athbhreithniú tosaithe ag an Aontas Eorpach ar a chomhaontú comhair le hIosrael, tar éis d’Iosrael ionsaí athnuaite a sheoladh i nGaza a bhfuil sé mar aidhm aici 75% den talamh ina gcónaíonn muintir na Palaistíne a urghabháil.
Dúirt foinsí in Aireacht Cosanta na Spáinne go bhfuil próiseas tosaithe ag an rialtas chun deireadh a chur le ceadúnais a thabhairt comhlachtaí Iosraelach.
Dúirt siad gur mian leo ‘neamhspleáchas níos mó a bhaint amach’.
Chuir cáineadh phríomh-aire na Spáinne, Pedro Sánchez, ar an ionsaí i nGaza fearg ar rialtas phríomh-aire Iosrael, Benjamin Netanyahu, anuraidh.
Tá stát na Palaistíne aitheanta ag an Spáinn freisin, cinneadh nár éirigh le go leor tíortha a dhéanamh.
Cuireann Iosrael brú ar rialtais gan stát na Palaistíne a aithint agus iad ag iarraidh rialtas na Palaistíne a dhiúltú.

Ag deireadh mhí Aibreáin, chuir an Spáinn conradh ar ceal chun piléir a cheannach ó chuideachta Iosraelach eile, IMI Systems.
Dúirt an tAire Saothair, Yolanda Díaz, ag an am nach bhféadfadh an tír ‘gnó a dhéanamh le rialtas cinedhíothaithe … atá ag marú mhuintir na Palaistíne’.
Dúirt rialtas Sánchez gur chuir siad stop le hidirbhearta arm le hIosrael tar éis thús an chogaidh.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.