Tá Máire Ní Mhurchú, bean Éireannach atá 71 bliain d’aois, gafa ag Iosraelaigh

Gabhadh Máire Ní Mhurchú, bean atá 71 bliain d’aois, as Corcaigh, agus í ag agóid i gcoinne Iosraeilítigh atá ag glacadh tithe Palaistíneacha sa Bhruach Thiar (West Bank)

Tá bean Éireannach, Máire Ní Mhurchú, atá 71 bliain d’aois, gafa ag Iosraelaigh sa Bhruach Thiar.

Ghabhadh Máire Ní Mhurchú, ar a dtugtar D Murphy uirthi freisin, Dé Sathairn i Masafer Yatta, sa Bhruach Thiar, atá faoi fhorghabháil (occupation) ag Iosrael.

Labhair a mac le RTÉ faoi dhiongbháilteacht (determination) a mháthar troid ar son an cheartais.

Dúirt an Roinn Gnóthaí Eachtracha go bhfuil siad ar an eolas faoin gcás agus go bhfuil siad ag soláthar cúnaimh chonsalachta.

Máire Ní Mhurchú, ar a dtugtar D Murphy freisin
Máire Ní Mhurchú, ar a dtugtar D Murphy freisin

Bhí Ms Ní Mhurchú ag agóid i gcoinne daoine Palaistíneacha a bhaint as a dtithe i sráidbhaile Palaistíneach, Khalet al-Daba’a. Gabhadh an gníomhaí Sualannach (Swedish), Susanne Björk, atá 48 bliain d’aois, freisin.

Bhí siad ag obair leis an International Solidarity Movement, atá i gcoinne forghabháil talún atá faoi úinéireacht mhuintir na Palaistíne.

Tá Khalet al-Daba’a ar cheann de na sráidbhailte i Masafer Yatta, limistéar a dhearbhaigh Iosrael mar chrios míleata (military zone) sna 1980idí agus a d’ordaigh do na daoine a chónaíonn ann imeacht.

Dúirt an International Solidarity Movement go bhfuil 90% de na tithe i Khalet Al-Daba’a scriosta agus go bhfuil cónaitheoirí ina gcónaí i bpubaill agus i bpluaiseanna.

Ghabh arm Iosrael an bheirt bhan as a bheith i ‘chrios míleata’.

Is as Douglas i gCorcaigh ó dhúchas í Ms Ní Mhurchú ach tá cónaí uirthi i Abertawe (Swansea), sa Bhreatain Bheag.

Díbríodh Ms Björk maidin Dé Luain ach bhí Ms Ní Mhurchú ag troid go láidir i gcoinne an ordaithe díbeartha
Díbríodh Ms Björk maidin Dé Luain ach bhí Ms Ní Mhurchú ag troid go láidir i gcoinne an ordaithe díbeartha

Dúirt a mac, Dale Ryan: ‘Chomh fada agus is féidir liom a fheiceáil, ba é an t-aon choir a rinne sí ná coireanna in aghaidh mhuintir na Palaistíne a léiriú.

‘Bhí tuiscint láidir cheartais ag D i gcónaí agus tá a fhios agam nach bhféadfadh sí suí sa bhaile agus a fhios aici go raibh a cairde i Masafer Yatta agus sa Phalaistín ar fad ag fulaingt gan ghá.

‘Táim an-bhródúil as mo mháthair as seasamh suas ar son cearta bunúsacha an duine agus as iarracht a dhéanamh eolas a chur ar fáil faoi fhulaingt mhuintir na Palaistíne.’

Ordaíodh Ms ní Mhurchú agus Ms Björk ag éisteacht díbeartha in Aerfort Ben Gurion i Tel Aviv, áit ar eisíodh orduithe díbeartha dóibh.

Díbríodh Ms Björk maidin Dé Luain ach bhí Ms Ní Mhurchú ag troid go láidir i gcoinne an ordaithe díbeartha agus bhi sí fós i lárionad coinneála in Aerfort Ben Gurion.

Dúirt arm Iosrael go n-iomprófar Ms ní Mhurchú chuig saoráid eile le fanacht le héisteacht chúirte.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram