Daltaí scoile as láthair: Fadhb ollmhór, ach an Rialtas ba chúis léi

Gearradh maoiniú do chlár chun a chinntiú go bhfanfadh daltaí ar scoil –  sin an rud atá cearr, a Aire McEntee

Dúirt an tAire Oideachais Helen McEntee go bhfuil sí chun déileáil leis an ngéarchéim nua maidir le daltaí atá as láthair ón scoil – s ach ba iad theipeanna na rialtais, le blianta anuas, ba chúis leis an ngéarchéim.

Anois tá an tAire McEntee cúisithe as seanpholasaithe a thabhairt isteach, a cuireadh ar ceal roimhe seo. Tá sí ag rá gur ‘réiteach nua’ iad ar an fhadhb.

Jen Cummins
Jen Cummins

Tá méadú 62,000 tagtha ar líon na bpáistí atá ‘as láthair go hainsealach (chroncially)’ idir 2018 agus 2023.

Bhí 175,000 ‘as láthair go hainsealach (chroncially)’ i 2023. Ciallaíonn sé sin gur chaill siad 20 lá nó níos mó sa bhliain.

Agus ciallaíonn sé sin go bhfuil dóthain laethanta caillte ag 24% de dhaltaí i mbunscoileanna agus i meánscoileanna chun go gcuirfí iallach ar scoileanna é a thuairisciú do Tusla.

D’fhógair Ms McEntee roinnt beart chun dul i ngleic leis an bhfadhb.

I measc na mbeart seo tá gealltanas infheistíocht leanúnach a dhéanamh sa Chlár Críochnaithe Scoile (School Completion Programme) agus sa tSeirbhís Leasa Oideachais.

Mar sin féin, bhí maoiniú don Chlár gearrtha ó 2008. Sin an fhadhb atá ann.

Tá ‘frustrachas’ léirithe ag Jen Cummins, urlabhraí oideachais na nDaonlathaithe Sóisialta , faoi chur chuige an aire, ag rá: ‘Táthar ag rá linn gur tionscnamh nua é seo. Níl sé.’

D’oibrigh Ms Cummins mar chomhordaitheoir sa Chlár ar feadh 18 mbliana sular chuaigh sí isteach sa pholaitíocht.

Bhí sé mar aidhm ag an gclár cabhrú le daltaí atá i mbaol imeacht ón scoil go luath agus coinníonn sé iad i dtionscnaimh oideachais nó oiliúna.

De réir ​​tuarascáil ón Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (ESRI): ‘Cuidíonn an clár le freastal ar scoil a dhéanamh ina eispéireas níos dearfaí do leanaí agus do dhaoine óga.’

Mar sin féin, dúirt an tuarascáil freisin gur thit maoiniú don chlár ó €32.9 milliún i 2008 go €23.3 milliún i 2019.

Tá airgead breise curtha ar fáil dó ó 2020 ach ní raibh sé ach chomh hard le €31.6 milliún i 2023.

Tá sin fós níos mó ná €1 milliún ná mar a bhí sé i 2008, rud a chiallaíonn go bhfuil na cistí i bhfad níos ísle ná mar atá ag teastáil tar éis boilscithe (inflation).

Cé gur cúis shuntasach le neamhláithreacht a bhí i Covid, dúirt Ms Cummins gur cúis mhór é an t-easpa maoiniú don Chlár Críochnaithe Scoile, agus gur dheacair do scoileanna déileáil le neamhláithreacht dá bharr.

Dúirt an tAire Oideachais Helen McEntee go bhfuil sí chun déileáil leis an ngéarchéim nua maidir le daltaí scoile
Dúirt an tAire Oideachais Helen McEntee go bhfuil sí chun déileáil leis an ngéarchéim nua maidir le daltaí scoile

Dúirt sí leis an Irish Daily Mail: ‘Bhíodh monatóirí tinrimh againn a d’oibrigh ar feadh trí huaire an chloig sa lá ag monatóireacht tinreamh na scoile ar fad.’

Mar sin féin, aistríodh é seo go Tusla agus laghdaíodh an maoiniú.

‘Táthar ag rá linn gur tionscnamh nua é seo. Níl. Is aiséirí straitéise a bhí ag obair í – go dtí gur tharraing an Stát an infheistiúas,’ a dúirt Ms Cummins.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram