

Tá an t-amhránaí cáiliúil Lyra tar éis a admháil go mbíonn sí fós trína chéile nuair a fhaigheann sí teachtaireachtaí mailíseacha ar na meáin shóisialta.
Beidh sí le feiceáil sa chéad chlár de Uncharted le Ray Goggins ar RTÉ an tseachtain seo, áit a bhfuil sí le feiceáil in éindí leis an iar-thaoiseach Leo Varadkar.

Taistealaíonn an bheirt acu go sléibhte fiáine Drakensberg san Afraic Theas, áit a gcuireann Ray Goggins – eachtránaí agus iar-shaighdiúir de chuid fórsaí speisialta – iad faoi bhrú sa nádúr.
Bhí Lyra, ar a dtugtar ‘Beyoncé Bheanntraí’ uirthi, ag baint taitneamh as an dúshlán.
‘Tá mé i ndáiríre ag baint sásaimh as a bheith san fhásach,’ a deir sí.
Ach admhaíonn sí go mbíonn sé ‘crua go leor ar na meáin shóisialta’ don té atá sa saol poiblí.
‘Is breá leo tú a ísliú beagán,’ a deir Lyra faoina cáinithe.
‘Is duine mise a bhfuil dúil agam i ndaoine a shásamh… agus nuair a fhaighim teachtaireachtaí diúltacha, mothaím nár bhain mé an caighdeán cuí amach.
‘Cuireann sé isteach orm. Bím trína chéile i gcónaí nuair a labhraím faoi.’
Mar chuid den eachtra chrua, codlaíonn an triúr i bpluaiseanna, dreapann siad sléibhte géara agus téann siad go barr Eas Tugela (Tugela Falls) – ceann de na heasanna is airde ar domhan.
Bhí albam tosaigh Lyra ar bharr na gcairteacha anuraidh.
Ach tá aiféala ag Lyra fosta. In ainneoin a rath, admhaíonn sí go raibh sí faoi bhrú ag an tionscal ceoil a bheith níos tanaí ag tús a gairme – rud a chuir tús lena streachailt le bulimia.
‘Ba chóir dom a bheith seasmhach agus a rá, “Seo mise – glac leis nó ná glac leis”.

‘Tá aiféala orm nach ndearna mé sin níos túisce, mar chaill mé cuid mhór de mo shaol agus níor bhain mé taitneamh ceart as na blianta luath a chaith mé mar cheoltóir,’ a deir Lyra.
Tosaíonn Uncharted le Ray Goggins Dé Céadaoin, 14 Bealtaine. ar RTÉ a hAon agus ar Seinnteoir RTÉ ag 9.35pm.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.