

Tá bród ag dmg media a fhógairt go bhfuil an Gradam don ‘Úsáid is Fearr as an nGaeilge’ bronnta ar ár n-ardán Gaeilge, ExtraG.ie, ag Gradaim na Meán 2025.
Seoladh ExtraG.ie mar shíneadh branda ar Extra.ie, agus tá sé tar éis fás go tapa mar cheann scríbe do nuacht, spórt agus siamsaíocht na Gaeilge.

Tar éis dhá bhliain, tá lucht léitheoireachta dílis agus éagsúil aige, agus tá sé ina ghuth iontaofa d’ábhar ardchaighdeáin, tarraingteach i nGaeilge.
Tagann an t-aitheantas seo go gairid tar éis seoladh ExtraG Gach Seachtain, forlíonadh clóite seachtainiúil a fhoilsítear gach Aoine leis an Irish Daily Mail, ag cur le rochtain agus tiomantas an bhranda do na meáin Ghaeilge.
Ainmníodh dmg media i gceithre chatagóir ag searmanas na nGradam Meán, a tionóladh oíche Déardaoin i dTeach an Ard-Mhéara.

‘Tá ExtraG.ie agus ExtraG Gach Seachtain tiomanta don Ghaeilge a cheiliúradh agus a chur chun cinn trí mheascán bríomhar de nuacht, spórt agus siamsaíocht,’ a dúirt Paul Henderson, Príomhfheidhmeannach dmg media.
‘Tá na hardáin seo deartha chun teacht i bhfeidhm ar chainteoirí líofa agus ar fhoghlaimeoirí araon.
‘Is onóir ann féin é a bheith ar an ngearrliosta – ach is iontach an rud é bua a thabhairt abhaile.’
Dúirt Joe Breathnach, Eagarthóir ExtraG: ‘Is gradam iontach é seo, agus is onóir tuillte é don fhoireann ar fad i dmg media a thagann le chéile chun ExtraG.ie a léiriú gach lá agus ExtraG Gach Seachtain a chur le chéile gach seachtain.
‘Is onóir tuillte é seo don fhoireann ar fad i dmg media a thagann le chéile chun ExtraG.ie a léiriú gach lá agus ExtraG Gach Seachtain a chur le chéile gach seachtain’ – Joe Breathnach, Eagarthóir ExtraG
‘Ní neart go cur le chéile.’
Tá na Gradaim Meán ar cheann de na gradaim is mó a bhfuil meas orthu sa tionscal, agus tugann siad aitheantas do shármhaitheas agus do nuálaíocht ar fud na meán in Éirinn.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.