

Tá sé fógartha ag an gCumann Camógaíochta go ndéanfaidh sé Comhdháil Speisialta a ghairm ar an 22 Bealtaine in iarracht an chonspóid a réiteach maidir le himreoirí a bheith iallach orthu scóirteanna a chaitheamh.
Reáchtálfar vótáil ar thabhairt isteach riail chun rogha a thabhairt d’imreoirí brístí gearra a chaitheamh. Má ritear é, tiocfaidh sé i bhfeidhm láithreach.

Roimhe seo dúirt uachtarán Cumann Camógaíochta, Brian Molloy, go mbeidh sé ag iarraidh athrú a thabhairt isteach a ligfeadh d’imreoirí brístí gearra a chaitheamh.
Ach, ní thiocfaidh an t-athrú sin i bhfeidhm go dtí bliain eile agus dúirt imreoirí Chorcaí agus Phort Láirge go riabh siad chun brístí gearra a chaitheam mar agóid, i gcluiche ceannais Mumhan i gcoinne a chéile i dTiobraid Árann, Dé Sathairn.
Bhí á an gníomh seo ag leanúint ar aghaidh ó agóid na n-imreoirí ó Átha Cliath agus Cill Chainnigh, a chaith brístí gearra, ag tús cluiche an deireadh seachtaine seo caite
Dúirt Hannah Looney: ‘Is cinnte go mbeidh muid ag machnamh ar ghníomh comhchosúil don deireadh seachtaine.’

Agus dúirt imreoir camógaíochta Chorcaí, Ashling Thompson, go gcaithfidh Corcaigh brístí gearra agus má iarrtar orthu athrú , diúltóidh siad déanamh amhlaidh, fiú má tá an baol ann go gcuirfear ar ceal an cluiche.
Dúirt said freisin go léiríonn torthaí suirbhé ón GPA go bhfuil 70% d’imreoirí idirchontae míshásta leis an scóirteanna camógaíochta agus gur mian le 83% acu rogha a bheith acu.
Chuir foirne camógaíochta sinsearacha Chill Chainnigh agus Bhaile Átha Cliath a n-iomaíocht ar leataobh ar feadh tamaill Dé Sathairn agus iad ag imirt i gcoinne a chéile i gcluiche leathcheannais sinsearach Laighean.
Chaith foireann Chill Chainnigh brístí gearra dubha, agus chaith mná Bhaile Átha Cliath brístí gearra gorma, agus iad ag ullmhú le himirt i gcoinne a chéile ar an bpáirc ag club CLG Naomh Peregrine i mBaile Bhlainséir i mBaile Átha Cliath.
Mar sin féin, ní raibh aon toradh ar a gcuid iarrachtaí, mar a dúirt an réiteoir Ray Kelly leis na foirne go mbeadh orthu scóirteanna a chaitheamh nó go dtréigfí an cluiche.
Sa deireadh, b’éigean do na himreoirí iad a chaitheamh, rud nár theastaigh uathu a dhéanamh
Tar éis an chluiche, chuaigh imreoir Bhaile Átha Cliath, Emma O’Byrne, ar na meáin shóisialta chun cáineadh a dhéanamh ar na daoine a rinne na rialacha.
Dúirt sí: ‘Táimid tuirseach’ de bheith ag caitheamh scóirteanna.’
‘Dóibh siúd nach bhfuil a fhios acu, is sciorta iad scóirteanna a chaithfimid a chaitheamh le brístí gearra faoina bhun agus tá siad thar a bheith míchompordach.

‘Ar feadh thart ar 30% de chluiche a imrím, go mbím i gcónaí ag smaoineamh ar an gcuma atá ar mo scóirt, á tharraingt anuas, ag smaoineamh i gcónaí an bhfuil mo scóirt ceart go leor; agus bíonn siad míchompordach.’
Mínigh Emma nach é seo an chéad uair a labhair imreoirí camógaíochta faoi seo.
‘Táimid ag éileamh é seo le fada an lá, agus mar sin shocraíomar gníomhú seachas labhairt faoi, mar sin an chaoi a ndéantar rudaí a athrú,’ a dúirt sí.
‘Mar sin féin, níl aon ghluaiseacht déanta ag Cumann na Camógaíochta ar an ábhar seo.
‘Is fadhb mhór é, go háirithe dúinn mar imreoirí atá ag iarraidh an cluiche a dhéanamh níos coitianta, agus ag iarraidh níos mó daoine a mhealladh chun páirt a ghlacadh ann.
‘Ach nuair a bhíonn orainn rud éigin cosúil le scóirteanna a chaitheamh, tá sé an-deacair daoine a spreagadh chun imirt.
‘Mothaím go mbeidh níos mó feasachta againn ar an gceist seo le haghaidh athraithe.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.