

Chuaigh trí ghlúin de mhuintir cheolmhar Uí Chanainn as Dún na nGall – the Cannon Family le Diane – ar thuras dochreidte go Nashville chun clár ar leith a dhéanamh do TG4.
Agus nuair a bhí siad ann, thug féile Chumann Ceoil Tíre, CMA Fest, deis iontach do Diane, John agus Kelly bualadh le réaltaí seanbhunaithe ar nós Dolly Parton agus ealaíontóirí atá ag teacht chun cinn ar nós Shaboozey.
Labhair siad freisin le réaltaí ar nós Steve Earle, Tim O’Brien, John Mock, Maura O’Connell, Blanco Brown, Allie Colleen, Tayler Holder, Kelsey Hart agus daoine eile, agus beidh sé sin le feiceáil ar Nashville, Seo Muid Ag Teacht! ar TG4, Déardaoin, 9.30pm agus an Séinnteoir TG4.

Mar sin féin, tá taobhanna eile de Nashville – mar shampla, tá an taobh gnó an-tábhachtach ann.
Agus tá na ngnáth ceoltóirí a dhéanann a mbeatha sa chathair thábhachtach freisin, agus na scríbhneoirí agus na léiritheoirí.
Chun léargas a chur ar fáil ar an taobh eile de Nashville agus ar chuairt theaghlach Cannon go Nashville don chlár TG4, rinne Diane Cannon agallamh le Blas na Cathrach ar Raidió na Life 106.4fm, agus seo a bhí le rá aici.
Dúirt Diane:‘Bhí suim i gcónaí agam i Nashville agus bhí mé ag iarraidh go mór dul trasna.
‘Sílim, nuair a smaoinímid ar Nashville agus smaoinímid ar cheol tíre, tá cineál dearcadh againn anseo in Éirinn go difriúil ná mar atá sé thall ansin.’
Tá sé sin ann, ar ndóigh, a deir sí – tá sé cosúil le turasóireacht agus tá an mhargaíocht ann.
‘Tá na cowboy boots agus na hataí agus na buataisí agus tá spórt agus craic ann agus na hen parties,’ a deir sí ag gaire.
‘Ag an am céanna is príomhchathair an ceol é agus ní do cheoil tír amháin, ach ceol an domhain. Tá ardchaighdeán do cheoltóirí sa chathair sin.’
Ach deir Diane an rud atá deas faoi ná nach dtéann an cineál rud sin go dtí na gcloigne agus go fhéadfá a bheith in aice le Dolly Parton nó duine eile, is cuma, tá gach aon duine ar an leibhéal céanna.
ÉIST LEIS AND AGALLAMH IOMLÁN
LE DIAN CANNON: CLICEÁIL ANSEO
Deir sí: ‘Bhí sé iontach, iontach suimiúil agus bhí dúil mhór agam sa chineál díriú isteach air sin agus ar na stíleanna ceoil agus a dóigh a gcuireann siadsan ceol le chéile.’
Agus ansin tá na ceoltóirí móra, ceol tíre agus tá pop ceoil go mór isteach ann anois.
Deir na ceoltóirí: ‘To make it in Nashville’ caithfidh tú na blianta fada a chaitheamh ansin agus le sin tá cineál dóigh acu.
‘Tá rudaí a chaithfidh daoine a dhéanamh le dul tríd sular chuaigh siad go dtí stardom,’ a deir Diane.
Deir sí: ‘Bhí sé suimiúil tuiscint a fháil ar chúl an ceol agus cúl na cathrach féin, agus cad go díreach a bhí i gceist le Nashville.’
‘Agus sin atá i gceist leis an gclár ar TG4, rud iontach deacair a bhí ann,’a deir sí.
‘Chaith muid cuid mhór ama thall agus bhí muid ag caint le ceoltóirí mór le rá agus ceoltóirí a bhí ag iarraidh é a dhéanamh i Nashville.
‘Bhí muid ag caint le daoine a raibh stiúideos acu, daoine atá i mbun scríbhneoireacht agus leis na comhlachtaí.’
‘Go bunúsach is gnó atá anseo,’ a deir sí.
‘Bhí muid ag caint ar líon mór acu sin, ag caint leis na daoine a bhí ag cur na féilte móra ar siúl.
Agus ar ndóigh bhí ceol traidisiúnta as Éirinn ansin, a fuair obair ann.

Dúirt Diane: ‘Bhí an oiread sin ann, d’fhéadfadh go dtiocfadh leat sraith, b’fhéidir sé nó seacht gclár a dhéanamh. Ach baineann tú na píosaí a thuig leat a bhfuil go maith as agus sílim go bhfuil cineál blaiseadh beag de na rudaí difriúil go léir atá ansin behind the scenes i Nashville.
Tá amhrán nua ag Diane, Don’t Touch Me, agus tá baint aige leis an gclár faoi Nashville?
‘Bhí dúil mhór agam i gcónaí sa stíl ceol Western Swing agus grúpa darbh ainm na Time Jumpers,’ a deir sí.
‘Níl sé an cineál traidisiúnta ceol tíre atá muid cleachtaithe ag éisteacht leis. Tá b’fhéidir níos mó blues agus jazz ann.
‘Cibé, nuair a bhí mé ansin luaigh mé amhrán a bhí acu ar mhaith liom taifead a dhéanamh air agus caithfidh mé a rá bhí Joe Spivey agus Eddy Dunlap as an mbanna ceoil sin iontach maith agus iontach cuidiúil agus dúirt siad, cinnte, go mbeidís sásta taifead a dhéanamh liom.
‘So, rinne siad é sin agus tá an t-amhrán thaifead agus, yeah, is rud cineál speisialta go raibh mé ábalta taifead a dhéanamh leis na ceoltóirí iad féin.
D’fhás Diane aníos i nDún na nGall agus bhí ceol ag gach aon duine san áit agus ag a teaghlach, ar an dá thaobh.
‘D’fhás mé aníos sa Ghaeltacht agus mar chainteoir dúchais le cuid mór amhráin i nGaeilge agus ansin i mBéarla.
‘Ag fás aníos bhí ceol ag m’athair, ceol tíre a bhí mé páirteach ann, le blianta fada agus cineál meascán ceol ann i rith mo shaol.
‘Tá muid go léir fite fuaite sa Ghaeltacht agus chaith muid chuid mhór am in Albain le Gaelic na hAlbain, leis an gceol agus leis an teanga.
Deir sí: ‘Bhí suim iontach agam i gcónaí in an-chuid ceol difriúil, chomh maith le mo theaghlach. Bhí muid i gcónaí i mbun turasóireacht.’
Nashville, Seo Muid ag Teacht! ar TG4, Déardaoin, 9.30pm agus Seinnteoir TG4.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.