Taraifí Trump ag bagairt ar ár dtionscal scannán … agus €322m

06/05/2025

Deir Trump go bhfuil tíortha cosúil le hÉirinn ag goid thionscal scannán Hollywood – agus anois tá ár dtionscal scannán faoi bhagairt €322 milliún a chailleadh

Is ‘botún’ iad pleananna Donald Trump chun taraifí a chur ar scannáin a dhéantar lasmuigh de na Stáit Aontaithe, dar le léiritheoir scannán Éireannach.

Agus déanfaidh na taraifí dochar mór dár dtionscal scannán ar fiú é €322 milliún sa bhliain ó Mheiriceá é.

I mí an Mhárta, cháin an t-aisteoir Rob Lowe tionscail scannán California agus mhaígh sé go bhfuil sé ‘níos saoire céad duine a thabhairt go hÉirinn’ agus scannán a dhéanamh anseo.

 Irish Wish: An ndéanfar a leithéid tar éis taraifí Trump
Irish Wish: An ndéanfar a leithéid tar éis taraifí Trump

Anois, tá imní ag méadú faoin gcaoi a bhféadfadh taraifí Trump difear a dhéanamh dár dtionscal scannán in Éirinn.

D’fhógair Trump go gcuirfeadh a riarachán taraif 100% i bhfeidhm ‘ar aon scannán agus ar gach scannán a thagann isteach inár dtír a tháirgtear i dtíortha iasachta’.

Dúirt an léiritheoir agus an stiúrthóir Stephen Hall le Nuacht RTÉ cé go bhfuil tionscal scannán láidir in Éirinn, ‘ní mór dúinn a bheith an-chúramach agus machnamhach maidir leis an gcaoi a ndéanaimid dul ar aghaidh.

Dúirt sé: ‘Sílim nach mbeidh na stiúideonna ag freagairt go dearfach dó.

‘Sílim go mbeidh imoibriú comhchosúil ann maidir leis na taraifí eile atá curtha i bhfeidhm.’

Dúirt sé go spreagfaidh cinneadh Trump daoine chun filleadh.

Mhaígh Trump go bhfuil an tionscal scannán ina thír ag ‘bású go han-tapa’ mar gheall go bhfuil tíortha eile ‘ag tairiscint gach cineál dreasachta (incentives)’ chun léiriúcháin scannán a mhealladh thar lear.

Ó 2015 i leith, tá creidmheas cánach (tax credit) ag Éirinn ar a dtugtar Alt 481 a ligeann do léiriúcháin scannán idirnáisiúnta leas a bhaint as instealladh airgeadais suas le 32% de na costais a thabhaítear anseo, nó 25% de chostais iomlána léiriúcháin scannán, cibé acu is ísle.

Meastar gur chaith déantóirí scannán Meiriceánacha €322 milliún i ngeilleagar na hÉireann i 2023, de réir Screen Ireland.

Is suíomh scannánaíochta is fearr le léiriúcháin idirnáisiúnta í Éire le blianta fada, agus is tarraingt mhór í ár radharcra.

Ceann de na seánraí is mó tóir ná an grinn rómánach, agus scannáin mar Leap Year, Wild Mountain Thyme agus scannán Lindsay Lohan in 2024, Irish Wish, ag tabhairt aird ar leith ar iarthar na hÉireann.

Rinneadh Trá Churracló i gCo. Loch Garman (Curracloe Beach in Co. Wexford) mar ‘Normandy’ chun radhairc D-Day a dhéanamh do Saving Private Ryan le Steven Spielberg, agus úsáideadh Sceilg Mhíchil i Star Wars: The Last Jedi.

Úsáideadh Sceilg Mhíchil i Star Wars: The Last Jedi
Úsáideadh Sceilg Mhíchil i Star Wars: The Last Jedi

Dúirt FilmLA, oifig scannán Los Angeles, go bhfuil táirgeadh scannán agus teilifíse i Hollywood tite 40% le deich mbliana anuas, agus dreasachtaí cánach eachtracha, an phaindéim agus stailceanna scríbhneoirí freagrach go páirteach as.

Níl soiléiriú tugtha ag riarachán Trump ar an gcaoi a gcuirfear na taraifí i bhfeidhm.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram