

Tá Conor McGregor le toghairm (subpoenaed) a fháil i gcás sibhialta i gcoinne líomhain d’ionsaí gnéis i Stáit Aontaithe Mheiriceá.
Deir bean, atá ina leas-uachtarán sinsearach le comhlacht mór airgeadais ar Wall Street, gur tharla an eachtra ‘mhaslach’ seo tar éis cluiche cispheile NBA i Florida i mí an Mheithimh 2023.
Eisíodh an toghairm ag Cúirt Dúiche Theas Florida ar 15 Eanáir agus tá sé bailí ar feadh 120 lá.
Seoladh an cháipéis chuig Oifig Lárnach na hArd-Chúirte i mBaile Átha Cliath, a d’ordaigh anois do ghníomhairí in Éirinn na páipéir a thabhairt do McGregor roimh lár mhí na Bealtaine.
Beidh 21 lá ag McGregor freagra a thabhairt ar na líomhaintí. Tá an trodaire, atá 36 bliain d’aois, tar éis na líomhaintí a shéanadh, á rá gur ‘shakedown’ atá i gceist.
Deirtear i bpáipéir cúirte go ndearna an gearánaí, ar a dtugtar Jane Doe, líomhain gur tharla an t-ionsaí i leithreas sa Kaseya Centre i Miami, nuair a bhí cluiche ceannais NBA ar siúl idir Miami Heat agus Denver Nuggets.
Dúirt sí go raibh comhrá ‘cairdiúil’ aici le McGregor i ndiaidh an chluiche, ach go raibh buidéal iomlán de Proper 12 agus tequila tugtha dó go foireann an ionaid.
De réir na páipéir, dúirt cara le McGregor nó ball dá fhoireann slándála léi: ‘Dúirt Conor liom tú a fháil’, sular rug sé ar a huillinn agus threoraigh í go dtí doras an leithris fhir.

Dúirt sí gur iarr sí air í a scaoileadh ach dúirt sé: ‘Ní féidir, mhillfeadh Conor mé dá gcaillfinn thú.’
Ansin tháinig McGregor amach as an leithreas agus thug sé léi isteach ann, de réir na páipéir.
Maíonn sí gur fhéach sé go raibh sé faoi thionchar substaintí agus as smacht, agus gur éignigh sé í gan cead, ar mhaithe lena shásamh gnéasach féin agus chun í a ísliú.
Tá sí anois ag lorg cúiteamh os cionn $75,000 (€65,000), mar aon le costais leighis agus faoiseamh eile.
De réir an chaingne, bhí foireann Kaseya Centre, Miami Heat, agus Basketball Properties LLC ar an eolas faoin mbaol ach theip orthu cosaint chuí a chur ar fáil.
Maíonn sí freisin gur lean foireann an ionaid orthu ag freastal McGregor le halcól, fiú nuair a bhí siad ar an eolas go raibh sé ag éirí foréigneach.
Bhí McGregor i láthair ag an ócáid chun táirge faoisimh pian a chur chun cinn.
Le linn míre phoiblíochta, bhuail sé mascot na foirne, Burnie, ar an gcúirt agus bhuail arís é tar éis dó titim.
Tharraing foireann an Miami Heat an mascot den pháirc agus rinne McGregor iarracht an táirge a spraeáil air.
Dúirt an t-aturnae James Dunn, a dhéanann ionadaíocht don bhean, go ndearna a chliant cinneadh cúramach chun an cás a thabhairt.
‘Tá sí buartha faoin tionchar a d’fhéadfadh a bheith aige ar a post ar Wall Street,’ a dúirt sé, ‘ach is mian léi feasacht a ardú agus daoine eile a spreagadh le hionsaithe gnéis a thuairisciú.’
Dúirt sé leis an nuachtán Selma Sun gur thuairiscigh an bhean an eachtra dhá lá ina dhiaidh sin, ach nár thosaigh sí an cás go dtí gur sceitheadh a haitheantas chuig asraon meán.
‘Nuair a chinn oifig an stáit-aturnaetha i gContae Miami-Dade gan cúiseamh coiriúil a leanúint, is é an t-aon bhealach atá aici chun ceartas a lorg ná an cás sibhialta seo’, a dúirt sé.
Luaitear McGregor sna páipéir mar ‘dornálaí gairmiúil, aisteoir, trodaire agus fear gnó’, a bhfuil teidil éagsúla buaite aige leis an UFC.
Ní hé seo an chéad uair atá cás den chineál seo ag dul ina choinne. I mí na Samhna seo caite, ghnóthaigh Nikita Hand, máthair aon linbh, atá 35 bliain d’aois, a cás san Ard-Chúirt i mBaile Átha Cliath.
Mhaígh sí gur éignigh McGregor í in óstán sa chathair agus bronnadh beagnach €250,000 uirthi mar chúiteamh.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.