Méid airgid ollmhór bailithe do shéipéal Gaeltachta a dódh i nDún na nGall

Thosaigh bean áitiúil, bailiúchán airgid ar GoFundMe le sprioc de €50,000 agus laistigh de chúpla uair, bhí os cionn €28,000 bailithe.

Bailíodh os cionn €28,000 le haghaidh Eaglais Naomh Muire sna Doirí Beaga i nGaeltacht Dhún na nGall, tar a scriosadh í i dtine mhór a tharla go luath ar maidin Domhnach na Cásca.

Dódh an séipéal nua-aimseartha go hiomlán agus scriosadh an díon. Bhí ar roinnt daoine éalú ó na tithe in aice láimhe fad is a bhí na briogáidí dóiteáin ag troid na lasracha.

Dúirt urlabhraí na nGardaí go bhfuil scrúdú teicniúil le déanamh fós agus go bhfuil fiosrúcháin ar siúl. Tá an láthair coinnithe slán don imscrúdú.

airgid

Chuir an tArdeaspag Eamon Martin a chomhbhrón in iúl do phobal Ghaoth Dobhair, ag rá, ‘Go dtuga Dia sólás daoibh uilig ag an am bróin seo.’

Ar X, scríobh an Teachta Dála áitiúil Pearse Doherty ‘Croíbhriste’

Cé gur tharla an tubaiste ar cheann de na laethanta is mó sa bhféilire Críostaí, tháinig an pobal le chéile go tapa.

Thosaigh Mary Coyle, bean áitiúil, bailiúchán airgid ar GoFundMe le sprioc de €50,000. Laistigh de chúpla uair, bhí os cionn €28,000 bailithe.

Thosaigh Coiste Forbartha Dhobhair an feachtas le síntiús flaithiúil de €5,000, agus lean daoine eile lena gcuid tacaíochta – idir €10 agus €500 an síntiús.

Scríobh Mary, ‘Tá ár bparóiste faoi bhrón. Ach le cabhair ón bpobal, tá súil againn an eaglais a atógáil agus dóchas úr a thabhairt dúinn uilig don todhchaí.’

Osclaíodh an séipéal i 1972 agus chosain sé €180,000 ag an am – suim ollmhór. Anois, tá súil ag pobal Ghaoth Dobhair go mbeidh sé arís ina lárionad creidimh agus pobail.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

Léigh Níos Mó

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram