Beidh Jennifer Zamparelli agus Jason Donovan le feiceáil le chéile sa ‘Rocky Horror Show’ i mBÁC

Roinn Jennifer agus Jason an stáitse os cionn dhá bhliain déag bliain ó shin ach beidh siad le feiceáil arís le chéile Mí Lúnasa

An samhradh seo, beidh ‘The Rocky Horror Show’ ar siúl sa Bord Gáis Energy Theatre, agus beidh an craoltóir cáiliúil Jennifer Zamparelli le feiceáil ar stáitse mar ‘The Narrator’.

Bhain Jennifer clú agus cáil amach in Éirinn as a cuid oibre ar ‘Republic of Telly’ agus ‘Bridget & Eamon’ ar RTÉ. Beidh sí ag glacadh páirt sa ‘Rocky Horror Show’ ón 11ú go dtí an 16ú Lúnasa 2025.

Jason Donovan a bheidh ar stáitse in éindí le Jennifer

Beidh an t-aisteoir clúiteach as an Astráil, Jason Donovan, le feiceáil in éindí léi sa léiriúchán. Ghlac Donovan páirt mar Dr. Frank N’ Furter cheana féin agus bhí an-tóir ar an turas a rinne sé san Astráil in 2024.

Is é seo an chéad uair le fada an lá a bheidh an bheirt ar an stáitse le chéile – bhí siad le feiceáil sa dráma ‘Priscilla Queen of the Desert’ sa Bord Gáis Energy Theatre in 2013.

Ag labhairt di faoin seó, dúirt Jennifer, ‘Tá an-áthas orm a bheith mar an Narrator sa Rocky Horror Show nuair a thiocfaidh sé go Baile Átha Cliath i mí Lúnasa. Is dráma iontach, greannmhar, spleodrach é agus táim ag súil go mór le bheith ag obair leis an bhfoireann ar fad, go háirithe le mo sheanchara Jason Donovan!’

image 70

Tá scéal ‘The Rocky Horror Show’ bunaithe ar eachtraí Brad agus Janet, lánúin shimplí a thagann ar theach aisteach agus ar an Dr. Frank-n-Furter.

Tá clú agus cáil bainte amach ag an gceol sa dráma, cosúil leis na hamhráin ‘Sweet Transvestite’, ‘Dammit Janet’ agus ‘Time Warp’.

Tá ticéid ar fáil anois ó €35.00 (d’fhéadfadh táillí a bheith i gceist). Is féidir iad a cheannach ar Ticketmaster nó féachaint ar bordgaisenergytheatre.ie.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

Léigh Níos Mó

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram