USAID molta ag an Taoiseach cúpla lá sula cuireadh stop leis

22/04/2025

Scríobh Mícheal Martin chuig Samantha Power chun an ghníomhaireacht a mholadh cúpla lá sula chuir Trump deirieadh leis an eagraíocht

Cúpla lá sular cuireadh stop le USAID, gníomhaireacht idirnáisiúnta na Stát Aontaithe, mhol Micheál Martin an obair a rinne siad agus a ceannaire ag an am, Samantha Power.

I litir a fuair ExtraG.ie, scríobh an t-iar-Thánaiste chuig Power ar an 15 Eanáir, ag rá gur sholáthair USAID ‘tacaíocht, dóchas agus deiseanna do na milliúin daoine’.

image 86

Mhol sé Power as a ceannaireacht ‘eisceachtúil’ agus an tacaíocht a tugadh do phobail leochaileacha ar fud an domhain.

Cúig lá ina dhiaidh sin, ar an 20 Eanáir, tháinig Donald Trump ar ais go dtí an Teach Bán agus d’eisigh sé orduithe feidhmiúcháin a stop gach chabhair eachtrach ón SAM ar feadh 90 lá.

Cé gur fágadh roinnt eisceachtaí, cuireadh moill mhór ar obair USAID dá bharr.

Luaigh Trump agus a fhoireann gur chaith USAID airgead ar ‘chláracha radacacha agus gníomhaithe frith-Mheiriceánacha’.

In ainneoin sin, sheas Rialtas na hÉireann leis an eagraíocht. Scríobh Micheál Martin, ‘Tá stair idir Éire agus Meiriceá bunaithe ar scéalta díchurtha, bochtaineachta, dóchais agus deiseanna. Mar a dúirt an tUachtarán Biden le linn a óráide i dTeach Laighean i mí Aibreáin 2023, tá sé faoi aislingí roinnte agus freagracht chomhroinnte.’

Dúirt sé freisin go raibh obair Power ríthábhachtach in ‘ré na géarchéime domhanda atá fite fuaite lena chéile’, agus gur chuidigh sí le ‘díriú a thabhairt ar cheisteanna forbartha agus daonnúla ar fud an domhain’.

Bhí Power i gceannas ar USAID ó 2021 agus roimhe sin bhí sí ina comhairleoir sinsearach don iar-Uachtarán Obama. Thacaigh USAID le roinnt eagraíochtaí Éireannacha freisin – fuair Goal os cionn €100 milliún i 2023, níos mó ná leath dá mhaoiniú. Fuair Trócaire níos mó ná €1 mhilliún, timpeall 7% dá mbuiséad.

Tar éis di an post a fhágáil, thug Samantha Power foláireamh go mbeadh ‘tionchar díobhálach’ ag an múchadh ar chúrsaí geopolaitiúla, agus go mbainfeadh tíortha údarásacha mar an Rúis agus an tSín leas as an bhfolús a chruthaigh sé.

Dúirt sí, ‘Is iad na tíortha a bhaineann leas as seo ná tíortha a thaitníonn éilliú agus corraíl leo. Cuireann siad isteach ar fhorbairt fhónta agus cothrom.’

usaid

Ag labhairt i mí Feabhra, luaigh preas-rúnaí an Tí Bháin, Karoline Leavitt, roinnt tionscadal ‘craiceáilte’ a mhaoinigh USAID, lena n-áirítear tionscadal ceoil DEI in Éirinn a chosain $70,000, agus a reáchtáladh i dteach an ambasadóra i bPáirc an Fhionnuisce.

Dúirt sí, ‘Mar cháiníocóir Meiriceánach, nílim ag iarraidh go n-íocfaí as an gcacamas seo le mo chuid airgid. Ní theastaíonn sé ó mhuintir Mheiriceá ach an oiread.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

Léigh Níos Mó

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram