

Tá an tsraith Adolescence ar Netflix tar éis tionchar mór a imirt ó eisíodh í mí Mhárta, agus tá daoine ag caint faoin bhfearúlacht gangaideach (toxic masculinity) agus an cultúr a bhaineann le ‘incels’ mar gheall ar an tsraith nuálach seo.
Insíonn Adolescence scéal Jamie Miller, buachaill 13 bliana d’aois. Castar saol a theaghlaigh bunoscionn nuair a ghabhtar é i ndiaidh dúnmharú cailín óna scoil.
Le linn na gceithre eipeasóid, pléitear foréigean le scian i measc déagóirí agus an tionchar atá ag cultúr na ‘incels’. Tá Stephen Graham sa phríomhpháirt, agus co-scríobh sé an tsraith in éindí le Jack Thorne.

Le déanaí, fógraíodh go mbeidh an tsraith ar fáil saor in aisce do scoileanna dara leibhéal sa Bhreatain trí Into Film+, seirbhís sruthaithe atá dírithe ar an oideachas.
Tá Netflix ag súil leis go gcuirfidh sé seo tús le plé tábhachtach i measc daoine óga.
Ach an mbeidh an tsraith ar fáil i scoileanna na hÉireann freisin?
Dúirt urlabhraí don Roinn Oideachais le ExtraG go mbíonn scoileanna in ann ábhar foghlama a roghnú dóibh féin, cláracha teilifíse agus scannáin san áireamh, má tá na ceadúnais chuí acu.
Dúirt siad freisin go bhfuil ‘saoirse ag múinteoirí ábhar a chur i láthair i mbealach atá oiriúnach do scoláirí.’
Dúirt an tAire Oideachais Helen McEntee ‘go gcuireann Adolescence béim ar an tábhacht a bhaineann le cumarsáid i measc daoine óga agus an chaoi a chabhraíonn sé leo ullmhú don saol’.
Luaigh sí freisin go bhfuil an curaclam OSPS (Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte) á leasú chun cabhrú le daltaí tuiscint a fháil ar chaidrimh shláintiúla agus ar dhomhan an lae inniu.

Glacann Owen Cooper le páirt Jamie Miller, agus glacann Stephen Graham ról a athair, Eddie.
Glacann Ashley Walters ó ‘Top Boy’ le ról an bhleachtaire Bascombe, agus beidh Erin Dohertyle feiceáil i bpáirt an tsíceolaí Briony Ariston.
Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.