Beirt Éireannach le díbirt ón nGearmáin: Agallamh le Hannah McDermott as Irish Bloc Berlin

08/04/2025

Agallamh le Hannah McDermott ó Irish Bloc Berlin faoi phleananna chun lucht agóide a dhíbirt, beirt acu Éireannaigh

Bhí agóid i mBeirlín Dé Luain i gcoinne díbeartha ceithre agóideoir in aghaidh ionsaithe Iosrael ar na Palaistínigh, beirt acu Éireannaigh.

Is iad sin Roberta Murray, atá 31 bliain d’aois, agus Shane O’Brien atá 29 bliain d’aois, agus tá siad i gcónaí i mBeirlín le tamall anuas.

Iompraíodh bratacha leis na bhfocal, ‘Saoirse Don Phalaistín’, mar aon le bratacha i dteangacha eile le linn na hagóide.

BlasnaCathrach

Éist leis an agallamh ar phodchraoladh
ar Raidió an Life 106.4FM. Cliceáil ANSEO

Labhair Hannah McDernott, ball den ghrúpa, Irish Bloc Berlin, a chuireann eolas ar fáil ar fhulaingt na bPalaistíneach sa Ghearmáin, le Blas na Cathrach  ar Raidió na Life 106.4FM faoi na fadhbanna a bhíonn ag daoine sa Ghearmáin agus iad ag agóidíocht in aghaidh ionsaithe Iosrael.

Dúirt sí go raibh agóid bheag ann Dé Luain de bharr go bhfuil díbeartha á dhéanamh ar cheathrar atá ina cónaí i mBeirlín. Bhí an ceathrar bainteach le hagóidí éagsúla eile in aghaidh cúrsaí atá ag tarlú in Gaza agus sa Phalaistín.

Dúirt Hannah: ‘Níl duine den cheathrar acu tar éis a bheith ciontaithe ar aon choir ar bith. Tá siad gafa agus tá díbeartha a dhéanamh orthu, ach níl duine ar bith tar éis a bheith ciontaithe as coir ar bith.

‘Só níl aon bhunús dleathach leis.’

Gníomh póilíní ag agóid i mBeirlín
Gníomh póilíní ag agóid i mBeirlín

Is grúpa iad, Irish Bloc Berlin, a tháinig le chéile thart ar bhliain ó shin.

Dúirt Hannah: ‘Bhí na daoine céanna ag dul chuig na hagóidí gach deireadh seachtaine agus bhí muid ag bualadh lena chéile agus cheapamar go mbeadh sé níos fearr dá dtagaimid le chéile chun rudaí a dhéanamh.’

Tá caidreamh mór idir muintir na hÉireann agus muintir na Palaistíne agus bhí fonn orthu na caidrimh sin a dhéanamh níos láidre.

Ach cén fáth a bhfuil na póilíní chomh dian sin ar agóidí ar son Palaistínigh?

‘Tá cultúr cuimhneacháin acu faoi cad a tharla sa Dara Cogadh Domhanda agus de bharr sin, b’fhéidir go bhfuil siad tar éis dul rófhada sa tslí eile, sa chaoi  nach bhfuil siad sásta aon rud maslach a rá faoi Iosrael.

‘Tá eagla orthu go mbeidís frith-Ghiúdach in aon slí agus de bharr sin, ina shúile, níl aon difríocht idir a bheith ar son muintir na Palaistíne agus a bheith ar son Hamas.

‘Bíonn siad chomh dian leis na hagóidí seo de bharr go féachann siad orthu mar agóidí atá frith-Ghiúdach nó a leithead.’

Mar sin an bhfuil na póilíní chomh dian sin ar ghrúpaí eile?

Dúirt Hannah: ‘Níl. Cúpla seachtain ó shin bhí agóid Neo-Nazi i mBeirlín agus bhí agóid eile, ar an taobh eile den tsráid, in aghaidh sin agus tháinig siad síos cuíosach dian ar na anti-Fascists agus lig siad do na Neo-Nazis dul ar aghaidh.’

Ní bhíonn siad chomh dian sin ar aon ghrúpa eile.

Ag an am céanna ní bhaineann na grúpaí frith-Phalaistíneach leis na gnáth grúpaí i bhfad ar dheis.  Tá rud eile i gceist leo.

‘Ceapann siad go bhfuil siad ag cosaint Iosrael,’ a deir Hannah, ‘agus ba chóir dóibh a tír a bheith ag na daoine Giúdach, chun a bheith slán agus sábháilte, agus ceapann siad go bhfuil siad á chosaint sin.’

Shane O'Brien
Shane O’Brien

Ach an bhfuil na meáin sa Ghearmáin ag clúdach a bhfuil ag tarlú in Gaza?

Tá sé  sin fós ar fáil ar na meáin,’ a deir sí.

‘Is rud aisteach é, uaireanta ceapann siad nach bhfuil rudaí fíor. Agus tá go leor Gearmánaigh a cheapann nach bhfuil sé ceart, cad atá ag tarlú, agus nach bhfuil sé ceart go bhfuil ceathrar á dhíbirt amach as an tír, ach níl siad sásta aon rud a dhéanamh faoi. “Tá sé uafásach, ach ní mó ghnó é. Níl mé chun aon rud a dhéanamh faoi nó aon rud a rá faoi. Níl mé sásta seasamh suas agus rud ar bith a dhéanamh”.’

An mbíonn na hagóidí móra?

‘Bíonn siad saghas difriúil gach seachtain,’ a deir sí. ‘Ag na hagóidí móra bíonn cúpla 1,000 daoine ann. Bíonn roinnt Gearmánaigh ann, ach ní bhíonn mórán.

‘Bíonn an chuid is mó grúpaí idirnáisiúnta agus go leor grúpaí de dhaoine as an Meán Oirthear.’

Deir Hannah go mbíonn daoine thar barr don chuid is mó i mBeirlín.

Bíonn siad liobrálach i ngach uile rud eile, seachas an Phalaistín.

‘Is saghas an cultúr cuimhneacháin atá acu de bharr an Dara Cogadh Domhanda. Ní féidir leo aon rud nach bhfuil deas a rá faoi Iosrael.

‘Tá mental bloc acu, nach féidir leo é a dhéanamh,’ a deir sí.

german protest

An bhfuil baint ag comhlachtaí móra sa Ghearmáin leis an Iosrael?

‘Is é an dara nó an tríú tír is mó atá ag díol arm leis an Iosrael. Só, tá siad ag déanamh cuíosach maith le hairgid as.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram