Éist leis an agallamh anseo: Eve Higgins, laoch rugbaí na hÉireann ag caint faoin gcluiche mór in aghaidh Shasana

07/04/2025

Agallamh: D’fhás Eve Higgins aníos ag labhairt Gaeilge agus ag imirt rugbaí leis na buachaillí i Leamhcán (Lucan) i mBaile Átha Cliath

Agus cluiche mór ag Mná na hÉireann in aghaidh Shasana ag an deireadh seachtain seo, labhair laoch rugbaí na hÉireann Eve Higgins le ExtraG faoin seans atá againn.

D’fhás Eve aníos ag labhairt Gaeilge agus ag imirt rugbaí leis na buachaillí i Leamhcán (Lucan) i mBaile Átha Cliath.

Chomh maith leis sin is ambasadóir í ar son Tackle Your Feelings, clár scoile a chuidíonn le daoine óga dul i ngleic le fadhbanna an tsaoil.

Bhí díomá tar éis an chluiche in aghaidh na Fraince ach bhí siad a fhad níos láidre in aghaidh na hIodáile.

eve higgins

Cad iad smaointe Eve Higgins faoi na Sé Náisiún go dtí seo?

‘Táimid i lár na Sé Náisiún anois,’ a deir sí. ‘D’imir muid in aghaidh na Fraince agus ní raibh muid sásta tar éis an chluiche sin.

‘Bhí muid ag iarraidh go leor níos mó a bhaint amach.

‘Bhí seansanna againn agus níor thug muid iad. Mar sin bhí muid ag iarraidh dul isteach sa chluiche in aghaidh na hIodáile le feabhas mór ar cad a bhí muid ag iarraidh a dhéanamh ar an bpáirc.

‘Bhí lá iontach againn in aghaidh na hIodáile. Sin an chéad uair i níos mó ná 10 mbliana gur scóráil mná na hÉireann níos mó ná 50 pointe sna Sé Náisiún.

‘Lá iontach a bhí ann agus is foireann chrua iad, a oibríonn le haghaidh gach rud.

‘Níl siad riamh chun stopadh agus is iontach an rud é go raibh muid in ann dul ansin agus teacht amach agus ní amháin an bua a bheith againn, ach níos mó na 50 pointe a bheith againn freisin!

Agus an cluiche in aghaidh Shasana ag an deireadh seachtain?

‘Chaill muid in aghaidh na hIodáile an bhliain seo caite, só bhí feabhas mór againn ó shin.

‘Ach don chéad chluiche eile tá Sasana ag teacht thart agus táimid chun iad a imirt i gCorcaigh.

blas na cathrachd

Eist leis an agallamh ar
Blas na Cathrach ar
Raidió na Life 106.4FM.
Cliceáil ANSEO

‘Is foireann láidir iad ach tá muid ag iarraidh feabhsú ón bhliain seo caite, táimid ag iarraidh a bheith níos fearr ná a bhí muid in aghaidh na hIodáile agus ag iarraidh brú a chur orainn féin agus feabhas mór a bheith againn ar an bpáirc.

An bhfuil mórán craic agat leis an bhfoireann?

Bíonn na cluichí dian go leor ar na mná ach nuair a bhíonn siad ar a suaimhneas is breá leo a gcuid ceoil agus damhsa.

Agus is é an port is fearr le foireann rugbaí ban na hÉireann faoi láthair ná Pink Pony Club, a deir Eve.

Deir Eve: ‘An duine is fearr liom, ceapaim, ar an bhfoireann ná Deirbhile Nic a Bhaird agus is Gaeilgeoir í chomh maith.

‘Só tá sí chun go leor a rá faoi sin, ach is amhránaí iontach í.

‘Uaireanta bhí mé ag cabhrú léi, ach tá a fhios agam nuair atá an tallann níos mó ag daoine eile!’

Chun a scíth a ligean, nuair a chríochnaíonn an damhsa, is maith le hEve suí agus leabhar maith a léamh.

Rinne sí staidéar ar an stair san ollscoil freisin agus is breá léi áiteanna difriúla a fhéachaint agus cultúr difriúil a fheiceáil.

Conas a thosaigh sí ag imirt rugbaí?

‘Chuir mé ceist ar mo thuismitheoirí an mbeadh mé in ann dul síos go dtí an club rugbaí Barnhall a bhí síos an bóthar ó Leamhcán agus thóg siad mé síos ar an Satharn sin.

‘Is aoibhinn liom gach rud faoi ag an am agus, fiú nuair a bhí mé an cailín amháin a bhí san fhoireann, níor mhothaigh mé mar sin. mar bhí gach duine mo chairde.

‘Bhí na buachaillí go léir ansin agus na bainisteoirí go léir chomh deas. Ní raibh aon smaointe agam go raibh mé difriúil. Bhí mé just, you know, ag baint taitneamh as ag imirt rugbaí agus, yeah, níor stop mé ansin.

Eve Higgins
Eve Higgins

Agus cad atá i ndán di amach anseo?

‘Rinne mé Máistreacht i Criminality san ollscoil agus bhí sé sin críochnaithe agam i 2003, an bhliain a bhí mé ag dul isteach go dtí na Cluichí Oilimpeacha.

‘Bhí mé ag iarraidh díriú isteach ar an rugbaí chun an seans is fearr a bheith agam dul go dtí na Cluichí Oilimpeacha agus a bheith go maith ann.

‘Só, chuir mé gach rud eile amach as an saol.

Agus arís chuaigh muid isteach i mbliain mhór atá ann anois. Só, tá na smaointe sin i mo cheann i gcónaí.

‘An fáth a rinne mé Criminality ná go raibh mé ag iarraidh a bheith mar detective. Bhí mé ag iarraidh a bheith sa Gharda.

‘Ach bhí mé in ann caint le daoine difriúla sa Gharda, leis na nascanna atá agam i rugbaí, agus tuigim gur rud deacair é sin a dhéanamh nuair atá tú ag traenáil chomh maith.

‘Níl an t-am agam anois. Ach b’fhéidir i 10 nó 20 bliain go mbeidh mé in ann é a dhéanamh ach tuigim níl sin rud atá mé in ann a dhéanamh díreach anois.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

Faigh Nuachtlitir ExtraG.ie gach lá.

Cliceáil anseo

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram