

Tá páistí ag diúltú gnáth-thorthaí agus glasraí a ithe, go príomha toisc nach bhfaigheann siad go rialta iad.
Fuarthas amach i staidéar freisin go bhfuil 57% de pháistí nach raibh triail bainte acu as muisiriúnna.

Chomh maith leis sin, níor ith 37% riamh biatais (beetroot)
Bhí asparagas, foinse maith vitimíní agus aicéad fólach, neamhaitheanta ag 41% de phaistí. Chomh maith leis sin, níor ith 57% riamh muisiriúnna.
Rinne HelloFresh, comhlacht seachadta bia, an suirbhé seo agus fuarthas amach go bhfuil imní ar 40% de thuismitheoirí faoin aiste bia a bpáistí.
Dúirt beagnach aon ceathrú de thuismitheoirí go bhfuil bia sláintiúil costasach, rud a chuireann bac orthu glasraí a chur ar phláta a bpáistí.
Chomh maith leis sin, dúirt 30% nach bhfuil a fhios acu conas glasraí áirithe a úsáid i mbia.
Is fadhb mhór eile é an scáileán ag am bia – dúirt 32% de thuismitheoirí go bhfuil deacrachtaí acu stop a chur leis na scáileáin agus 25% ag streachailt lena bpáistí a choinneáil ag an mbord go deireadh an bhéile.
Chun cabhrú le seo, d’úsáid 45% de thuismitheoirí seanscéal faoin gcaróid ag cabhrú leis an radharc san dorchadas.
D’inis 24% do na páistí gur crainn bheaga iad brocailí agus dúirt 14% go mbeadh na piseanna brónach mura n-ithfidis iad.
Dúirt Rob Hobson, núitrí-eolaí agus údár, go bhfuil sé tábhachtach bia nua a dhéanamh spraíúil do na paistí.
‘Má dhéantar bia taitneamhach, bíonn na páistí toilteanach triail a bhaint as rudaí nua.
‘Cuidíonn éagsúlacht go luath le haiste bia chothrom a chruthú agus le grá a chothú do bhia maith sa todhchaí.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.