

D’fhéadfadh ‘catfishing’ a bheith ina chion coiriúil de réir Bille nua, agus é mar aidhm aige pionós a ghearradh ar aon duine a bhaineann úsáid as pictiúir de dhaoine eile ar líne.
De réir an dlí atá molta, má dhéanann duine catfishing, sé sin iarracht aithris ar dhuine eile, gan údarás de réir an dlí nó leithscéal réasúnta, agus gortaíonn nó cruthaíonn sé sin imní do dhuine eile, d’fhéadfadh siad cúig bliana a chaitheamh sa phríosún.

Ag labhairt di ag seoladh an Bhille faoi catfishing, dúirt an Seanadóir Fiona O’Loughlin ó Fhianna Fáil go n-aithníonn an reachtaíocht go bhfuil an drochíde ar líne chomh contúirteach le drochíde nach dtarlaíonn ar líne.
‘Tá bradaíl aitheantais (identity theft) i gcoinne an dlí sa domhan fisiciúil. Cén fáth gur chóir go mbeadh duine eile in ann aithris a dhéanamh ortsa ar líne chun an dallamullóg a chur ar dhaoine eile le do phictiúr, d’ainm agus d’aghaidh,’ a dúirt sí.
Cuirfear an dlí nua i bhfeidhm nuair a bhaineann duine úsáid as ríomhaire, fón, nó gléas atá cosúil leis, le haithris a dhéanamh ar dhuine eile gan cead uathu i gcaoi a gcuireann isteach go mór orthu.
Dúirt O’Loughlin go bhfuil sé mar aidhm ag an mBille cuidiú le daoine ceartas a bhaint amach.
‘Bíonn ar íospartaigh an-chuid ama agus airgid a chaitheamh sna cúirteanna más mian leo eolas bunúsach a fháil ó na hardáin,’ a dúirt sí.
‘Ligfidh an Bille seo do na gardaí iarratas a sheoladh chuig na comhlachtaí seo chun na sonraí seo a fháil, rud nach mbíonn siad sásta a dhéanamh ach amháin má chuirtear brú orthu.’
Dúirt O’Loughlin freisin: ‘Níl an reachtaíocht seo anseo le freastal ar an dream óg amháin nó iadsan atá go maith leis an teicneolaíocht. Tá sé ar fáil do chách.
‘Cruthaíonn an dlí nósanna, agus nuair a aithnímid “catfishing” mar chor, tuigimid gur rud dáiríre atá ann.’
D’fhéadfadh ‘catfishing’ a bheith ina cion coiriúil faoin mbille nua.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.