Náire ar Simon Harris as focal gáirsiúil i nGaeilge a úsáid ar líne

01/04/2025

Easpa tuiscine ar an nGaeilge an fáth gur tharraing an Tánaiste Simon Harris masla air féin ar líne

B’éigean don Tánaiste Simon Harris post ar na meáin shóisialta a scriosadh tar éis dó botún náireach a dhéanamh leis an nGaeilge.

Tá an post meáin shóisialta scriosta aige anois. Cruthaíodh é le hintleacht shaorga (AI) agus bhí focal gáirsiúil ann, rud a rinne sé trí dhearmad.

Simon Harris
Simon Harris

Ghlac ceannaire Fhine Gael páirt i dtreocht ar na meáin shóisialta ina n-úsáideann daoine intleacht shaorga chun a gcuid grianghraf a athrú go pictiúir ar stíl Stiúideó Ghibli.

Mar sin féin, d’fhág an clár a d’úsáid an Tánaiste é i riocht náireach, agus téarma áirithe Gaeilge á aistriú go mícheart sa phróiseas.

I gceann de na híomhánna, tá an tUasal Harris le feiceáil ina sheasamh taobh le saighdiúirí Éireannacha le linn preasagallamh, ar bharr póidiam leis na focail: ‘An Ród So Romham’ arb é mana Óglaigh na hÉireann.

Ar an drochuair don Tánaiste, nuair a d’athraigh an clár an íomhá, d’athraigh sé an litriú go ‘An Bod So Romnain’, agus tharraing úsáid an fhocail ‘Bod’ náire air, ar ndóigh.

Baineadh an post ó shin, ach ní sula ndearna Aengus Ó Snodaigh an Tánaiste a cháineadh mar gheall ar an mbotún náireach.

Dúirt an tUasal Ó Snodaigh, ó Shinn Féin: ‘Cé go bhfuil gach duine, ar ndóigh, i dteideal a gcuid spraoi a bheith acu ar na meáin shóisialta, ag baint úsáide as an teicneolaíocht nua, léirigh an Tánaiste “bod” i gcartún.’

Dúirt sé go bhfuil an tUasal Harris ag lorg “likes” ar líne in ionad a chuid oibre a dhéanamh go héifeachtach.

Dúirt an tUasal Ó Snodaigh, atá ina urlabhraí Gaeilge de chuid Shinn Féin, gur cheart go mbeadh an tUasal Harris níos airdeallaí faoin méid a bhí á roinnt aige ar na meáin shóisialta sular cuireadh an post amach.

Aengus Ó Snodaigh
Aengus Ó Snodaigh

Dúirt sé: ‘In áit saighdiúirí Éireannacha a iompú ina gcartúin bholscaireachta ar son a leasa phearsanta féin, d’fhéadfadh Simon Harris pá agus coinníollacha cuí a thabhairt dóibh chun dul i ngleic leis an ngéarchéim earcaíochta agus coinneála atá ann.

‘D’fhéadfadh sé freisin éirigh as an mbonn a bhaint de neodracht na hÉireann agus de ról na Náisiún Aontaithe inár mbeartas cosanta, faoina bhfuil siad bródúil as a bheith ina gcoimeádaithe síochána.

‘Tá dul chun cinn sa teicneolaíocht nach bhfacthas riamh roimhe seo ag baint leis an ‘AI’, le deiseanna iontacha don chine daonna ach tá míbhuntáistí ag baint leis. Cuireann sé obair ár n-ealaíontóirí i mbaol gan iad a íoc.

‘D’fhéadfadh Harris treoir a thabhairt dá Aire Ealaíon de chuid Fhine Gael, Patrick O’Donovan, dul i dteagmháil ar deireadh le healaíontóirí agus straitéis a fhorbairt chun a chinntiú nach mbainfear an bonn dá slite beatha agus dá gcearta maoine intleachtacha de réir mar a fhorbraíonn AI.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram