

Tá dul chun cinn déanta sa Dáil agus ag an Rialtas maidir leis an teanga agus leis an daonlathas faoin mBille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2024, ach tá an-chuid le déanamh fós.
Is ag Céim an Choiste i nDáil Éireann atá an Bille sin faoi láthair.

Tá ceist mhór a phlé faoi cumhachtaí breise a thabhairt d’Údarás na Gaeltachta maidir le cúrsaí tithíochta. Bhí Tinteán agus grúpaí eile taobh amuigh den Dáil an tseachtain seo caite ag déanamh agóid faoi chúrsaí tithíochta ach níor éirigh leo an cheist sin a phlé go fóill sa Dáil.
Mar gheall ar na fadhbanna faoi ‘cearta cainte’ do ‘lucht Lowry’, agus an ruaille buaille a bhí sa Dáil, bhí moill ar gach rud, agus moill ar an mBille faoi Údarás na Gaeltachta freisin.
Ní dhearnadh plé ach ar chúig cinn den 65 leasú atá molta ar an mBille. Mar sin féin, ghlac an freasúra sa Dáil agus Conradh na Gaeilge le cuid de na moltaí a bhí ag an Aire Dara Calleary ach bhí siad buartha faoi chuid eile.
Dúirt Conradh na Gaeilge: ‘Is maith an rud é go bhfuil plé tosaithe ar Bhille Údarás na Gaeltachta.’
Fadhb a bhí ann roimhe seo, ná gur chuir comhairlí contae áirithe ionadaithe chun cinn don bhord nach raibh mórán Gaeilge acu agus nár thuig a bhí á rá ag daoine eile.
Mar sin féin as seo amach, moltar go mbeidh cumas Gaeilge ar leibhéal B2 faoin gComhchreat Tagartha Eorpach um Theangacha (CEFR) ag baill de bhord an Údaráis.
Ach ní raibh an tAire sásta é sin a chur sa reachtaíocht. Dúirt Calleary gur leibhéal B2 a bheadh ag teastáil ach ní raibh sé sásta é sin a chur sa reachtaíocht mar go raibh sé ag iarraidh ‘solúbthacht’ faoi chumas teanga na mball.
Ag caint faoi Údarás na Gaeltachta, dúirt sé go mbeadh cumhacht ag an Aire an leibhéal líofachta a bheadh ag teastáil do chomhaltaí a ordú.
Bhí fadhb ag Conradh na Gaeilge le sin, dúirt siad ar Facebook: ‘Is maith é go bhfuil an tAire reatha ar son go mbeidh ar a laghad Gaeilge ag leibhéal B2 faoin CEFR ag comhaltaí bhord an Údaráis, lasmuigh de chainteoirí dúchais, ach céard faoi má thagann Aire eile amach anseo ag iarraidh B1 nó níos ísle?
‘Is gá B2 a chur sa reachtaíocht mar íosleibhéal cumais.’
Tá bord nua ceaptha ag an Aire freisin, agus mairfidh sé go dtí deireadh na bliana seo chugainn.
Ainmníonn an tAire seachtar don bhord, an cathaoirleach san áireamh, agus ainmníonn na húdaráis áitiúla ábhartha a bhfuil ceantar Gaeltachta ina ndlínsí acu an cúigear comhalta eile.
‘Is ar bhonn róta a ainmnítear comhaltaí i gcás na dtrí chontae Gaeltachta is lú – Corcaigh, Port Láirge agus an Mhí. Is ag contae na Mí a bheidh ionadaíocht ar bhord an Údaráis don téarma nua seo,’ dar leis an Roinn Forbartha Pobail agus Tuaithe agus Gaeltachta.
Tá dhá fholúntas ar an mbord go fóill. Tá sé i gceist ag an Aire líonadh na bhfolúntas seo a choinneáil faoi athbhreithniú ag brath ar an dul chun cinn a dhéanfar leis an mBille san Oireachtas sna míonna amach romhainn.

Beidh téarma suas le dhá bhliain, go dtí deireadh 2026, ag an mbord nua seo chun deis a thabhairt don Rialtas an leasú reachtaíochta a bhrú chun cinn agus toghchán a reáchtáil don bhord.
I ráiteas, Dúirt an tAire Calleary: ’Tuigim an tábhacht a bhaineann le hobair bhord agus fheidhmeannas Údarás na Gaeltachta.
‘Tá sé i gceist agam anois brú ar aghaidh leis an leasú reachtaíochta a chur i bhfeidhm, mar a bhaineann sé le toghcháin don bhord a athbhunú.
‘Guím gach rath ar na comhaltaí nua-cheaptha agus iad i mbun a gcuid cúraimí a chomhlíonadh ar son phobal na Gaeltachta.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.