Fógraí alcóil ag dul ar aghaidh ag cluichí rugbaí le ‘0.0’

26/03/2025

Ba chóir go mbeadh na rialacha do dheochanna gan alcól le brandaí alcóil mar an gcéanna, a deir Alcohol Action Ireland

Tá moltaí ann go ndúnfaí bealach dlíthiúla a ligeann do chomhlachtaí dí a mbrandaí a chur chun cinn le fógraí alcóil.

Bíonn siad ar an teilifís le linn uaireanta maithe féachana, in ainneoin cosc dian ar fhógraíocht alcóil.

Le linn chluichí rugbaí Chraobh na Sé Náisiún in Éirinn, bhí ainm Guinness le feiceáil go soiléir i lár na páirce.

Cé nach bhfuil alcól i ndeochanna 0.0, léiríonn siad fós brandaí alcóil go soiléir
Cé nach bhfuil alcól i ndeochanna 0.0, léiríonn siad fós brandaí alcóil go soiléir

Mar sin féin, mar gheall ar na litreacha ‘0.0’ scríofa i ndath gorm ar chúlra dorcha, d’éalaigh na fógraí alcóil ó rialacha an chosc.

Bhí an comhlacht Diageo in ann an cosc a sheachaint trí leagan 0.0 gan alcól a chur chun cinn in ionad an ghnáth-dí.

Deir feachtasóirí sábháilteachta alcóil go gcaithfear féachaint ar an gcineál seo fógraíochta.

Cé nach bhfuil alcól i ndeochanna 0.0, léiríonn siad fós brandaí alcóil go soiléir.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Alcohol Action Ireland, Sheila Gilheany: ‘Má tá fógraí do dheochanna gan alcól mar an gcéanna le brandaí alcóil, ba chóir go mbeidís na rialacha céanna.’

Tháinig na rialacha nua  i bhfeidhm i mí Eanáir. Mar sin féin, deir ionadaithe ón tionscal dí go raibh an fhógraíocht ag na cluichí rugbaí dírithe ar dhaoine fásta, ní ar leanaí.

Dúirt Cormac Healy ó Drinks Ireland le RTÉ: ‘Is rogha dhearfach é seo agus tacaíonn siad le tomhaltas measartha.’

Dúirt urlabhraí ón Roinn Sláinte: ‘Leanfaidh an Roinn ar aghaidh ag faire ar an bhfianaise atá ag teacht chun cinn.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram