

Bhí múinteoirí neamhcháilithe fostaithe ag beagnach gach bunscoil sa tír sa scoilbhliain seo caite, a léirigh figiúirí nua.
D’fhostaigh 98% de bhunscoileanna na hÉireann (3,029) daoine neamhcháilithe sa scoilbhliain 2023/2024.
Is cúis mhór imní na staitisticí, dar le ceardchumainn na múinteoirí, a dúirt gur cuimhneachán lom iad ar an nganntanas foirne atá ann faoi láthair.
Tháinig an t-eolas chun cinn ar 7 LÁ, an clár cúrsaí reatha ar TG4. Tháinig na figiúirí ón Roinn Oideachais faoin Acht um Shaoráil Faisnéise.

Léirigh siad go raibh 13,540 duine neamhcháilithe fostaithe i mbun múinteoireachta i scoileanna na hÉireann sa bhliain 2024.
De réir na bhfigiúirí:
Dúirt John Boyle, Ard-Rúnaí an CMÉ (INTO): ‘Éilíonn scála na géarchéime seo freagairt phráinneach, uile-rialtais.
‘Mura ndéanann an Rialtas beart anois, fulaingeoidh níos mó leanaí cur isteach ar a gcuid foghlama, beidh ualach iomarcach ar na múinteoirí atá fanta i mbun an chúraim, cuirfear níos mó ceannairí scoile go deireadh na feide, agus beidh oideachas bunscolaíochta agus oideachas speisialta in Éirinn go mór i mbaol.’
Tá an CMÉ ag iarraidh 300 áit bhreise in aghaidh na bliana ar chúrsaí oideachais múinteoirí gach bliain go dtí go sáraítear an ghéarchéim.
Dúirt siad: ‘Is ábhar buartha ag an CMÉ an tuairisc faoi líon suntasach ionadaithe neamhcháilithe a raibh freagracht orthu as an churaclam a theagasc i mbunscoileanna agus i scoileanna speisialta i rith na scoilbhliana 2023/24.
‘Is léiriú eile fós seo ar an ngéarchéim leanúnach a fhágann na scoileanna go mór faoi bhrú. ‘

Is é a éilíonn an CMÉ:
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.