
Tá dul chun cinn á dhéanamh ag David O’Reilly, agus ní hamháin sa rince nó ag cur clár i láthair ar an raidió
Bhí iontas ar lucht féachana ‘Dancing with the Stars’ le déanaí nuair a fógraíodh an fhoireann don seó ‘Little Shop of Horrors’ – agus beidh aithne mhaith ag lucht éisteachta 2FM ar cheann de na haisteoirí móra.
Beidh David O’Reilly le feiceáil in Amharclann Bhord Gháis agus ról Seymour Krelborn á ghlacadh aige sa cheoldráma spleodrach in éindí leis an réalta óg Jacqueline Brunton mar Audrey.

Bhí David agus Jacqueline le feiceáil i léiriú speisialta ar ‘Dancing With The Stars’, roimhe tháinig deireadh leis.
Agus nuair a bhí na hiomaitheoirí imithe ón stáitse, bhí an lucht féachana faoi gheasa ag David agus Jacqueline.
Ach tá taithí ag David a bheith ar stáitse – bhí sé le feiceáil cheana i léiriúcháin cosúil le ‘One Man, Two Guvnors’, ‘Catherine Tate Live’, ‘The Book of Mormon’, ‘Grease’ agus ‘Lady Windermere’s Fan.’
Tá trí ghradam AIMS buaite ag Jacqueline le haghaidh na róil a ghlac sí i ‘Legally Blonde’, ‘West Side Story’ agus ‘The Wedding Singer’, lena cumann ceoil áitiúil Leixlip Musical and Variety Group.
Seachtain sular fógraíodh é mar an ‘Seymour’ nua, nochtaigh David lena lucht éisteachta go raibh sé ag éirí as a chlár raidió ar 2FM in éindí le Callyann Brennan.
Bhí baint ag na stiúrthóirí clúiteacha Howard Ashman agus Alan Menkens leis an gcéad leagan den seó Broadway ‘Little Shop of Horrors’ 40 bliain ó shin sular bhog siad go Disney.

Anois, beidh an seó grinn le David agus Jacqueline le feiceáil arís agus ar ndóigh beidh tionchar mór Éireannach ar an léiriúchán spleodrach nua.
Déanann ‘Little Shop of Horrors’ cur síos ar Seymor – fear a bhfuil siopa bláthanna aige. Ach lá amháin, tagann sé ar rún dorcha – agus gealltar dó go mbainfidh sé clú, cáil, agus bean álainn amach má tá sé in ann é a chothú i gceart!
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.