Andrew Tate v Simon Harris: Cad a tharla nuair a chaith an tionchaire frithbhanda masla ar an Tánaiste?

Tá tionchaire do bhuachaillí sna déaga, Andrew Tate, ar buile le Simon Harris agus é ag maíomh gur cheart do dhaoine cosúil leis féin agus Conor McGregor smacht a ghlacadh ar an gcóras

Bhí Andrew Tate, atá ag tabhairt aghaidh ar chúisimh éignithe, maslach do Simon Harris, as a rá nár cheart dó féin ná do Conor McGregor a bheith ina thionchaire d’fhir óga.

Dúirt an Tánaiste Harris nár cheart é go bhfuil tionchar ag leithéidí McGregor agus Tate sna meáin shóisialta agus gur ‘pariahs’ iad.

Andrew Tate
Andrew Tate

Agus mar fhreagra air sin, thug Tate, a bhfuil tionchar aige ar bhuachaillí óga leochaileacha sna déaga, ‘scumbag’ ar an Uasal Harris; agus freisin chuir sé in aghaidh na sochaí sibhialta agus meas ar dhaoine eile.

Tá cúisimh éignithe agus cionta tromchúiseacha eile os a chomhair sa Rómáin ach tá breis agus 10 milliún leantóir fós aige ar na meáin shóisialta.

Agus is déagóirí óga iad go leor díobh sin.

 Mar gheall ar an gcaitheamh aníos a dhéanann sé ar mhná, measann Tate gur duine cumhachtach é féin agus go bhfuil daoine eile lag.

Dúirt sé: ‘Déanfaidh fir lag, le héad, aon rud is féidir chun fir chumhachtacha a stopadh ó smacht a fháil ar ais ar na córais.

‘Tá sé mar aidhm acu gach fearúlacht (masculinity) a scrios agus leanúint ar aghaidh chun sinn a mhilleadh.’

Chosain sé McGregor freisin agus dúirt: ‘Is fuath leo go bhfuil Conor agus mé féin mar sheaimpíní na ndaoine agus go bhfuil meas orainn. Is díoltas na “nerds” é seo.’

In ainneoin na líomhaintí ina choinne agus a lucht tacaíochta rinne sé iarracht an milleán a chur ar ‘eachtrannaigh (foreigners)’ i gcoitinne as éigniú ‘mná dúchais’.

Ghlaoigh Tate ‘scumbag’ ar Harris agus roinn sé gearrthóg de ráitis a thug an Tánaiste sa Dáil an tseachtain seo caite.

Ag an am dúirt an Tánaiste gur cheart go mbeadh an tsraith Netflix, Adolescence, ‘éigeantach i ngach meánscoil ar fud na tíre seo’.

Is sraith cheithre chlár é Adolescence a fhiosraíonn tionchar frithbhanda agus saol ‘incels’ ar dhaoine óga.

Dúirt an tUasal Harris go dtugann sé ‘léargas ar an gcaoi a bhfuil tionchar ag na meáin shóisialta ar fhir óga’.

Dúirt sé: ‘Tá an oiread sin tionchair ag na meáin shóisialta ar shaolta óga, agus is é sin an fáth go gceapaim, san Eoraip agus in Éirinn, go gcaithfimid fanacht dílis dár luachanna, fiú má chinneann daoine eile in áiteanna eile dul ar bhealach eile.’

Simon Harris
Simon Harris

Dúirt sé freisin: ‘Le bheith soiléir, níor cheart go mbeadh tionchar ag leithéidí Conor McGregor agus Andrew Tate ar na meáin shóisialta. Is “pariahs” iad.

‘Tá a n-iompar mícheart. Tá sé millteach. Tá siad ag normalú iompar atá go hiomlán do-ghlactha.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram