

Tá athrú mór tagtha ar shaol Áine le bliain anuas agus í ag iarraidh cothromaíocht oibre is saoil a bhaint amach.
Beidh sí ag baint triail as na táirgí agus as na teiripí is déanaí, agus casfaidh sí le daoine eile a bhfuil a saol athraithe acu ar mhaithe le sonas.
Clár 1
Cuirfidh Áine tús le clár aclaíochta Chiana Ní Churraoin i gcéad chlár na sraithe, buailfidh sí leis na deartháireacha, Karl agus Peter Priestley, atá i mbun Tigh’n Alluis i gCill Mhantáin agus tabharfaidh sí féin agus a seanchara Sinéad Ní Uallacháin cuairt ar Rage Room le scaoileadh leis an bhfearg.

Clár 2
Bainfidh sí triail as aireachas i bhforaois i gCill Mhantáin sa chlár seo. Tabharfaidh sí aghaidh ansin ar an bhféile fholláine is mó san Eoraip, WellFest, áit a mbainfidh sí triail as Ióga Teicnicheoil le Naoise Ní Bhroin.
Buailfidh sí le Kayte O’Malley ag an Cosy Club, grúpa sóisialta a bhunaigh sí do mhná, agus ansin ligfidh sí glam aisti faoi sholas na gealaí i nGaillimh leis an ngrúpa na Blackrock Moon Howlers.
Clár 3
Buailfidh sí le Marianne Ní Dhomhnaill sa chlár seo chun go bhfoghlaimeoidh sí faoi Kombucha, bainfidh sí triail as snáthaidpholladhle John Cooke, foghlaimeoidh sí tuilleadh faoi leigheasanna nádúrtha ón Dr Clare Dillis agus buailfidh sí le Treasa Spragg, saineolaí ar chúrsaí codlata agus damhsa.

Clár 4
Déanfaidh sí a bealach go hInis Oírr i gclár deiridh na sraithe le súil a chaitheamh ar chúrsaí spioradálta. As sin fiosróidh sí collaíocht dhiaga amuigh faoin tuath i dTiobraid Árainn, pléifidh sí an nasc atá idir earnáil na folláine agus an sonas leis an Dr Máire Treasa Uí Cheallaigh, agus gheobhaidh sí comhairle fealsúnachta ón scríbhneoir aitheanta, Michael Harding.
Sonas, TG4, Dé Céadaoin, 19 Márta, 8.30pm
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.