Mistéir faoi bhás Gene Hackman de bharr sonraí nua faoi ghlaoch fóin

B’fhéidir go mbeidh athrú ar an gcaoi a láimhseálfar oidhreacht Gene Hackman

Tá sonraí nua tagtha chun solais faoi bhás an aisteora Gene Hackman agus a bhean chéile, Betsy Arakawa. D’fhéadfadh na sonraí seo athrú a dhéanamh ar an gcaoi a láimhseálfar a oidhreacht.

Dar le na húdaráis, d’fhéadfadh am bháis Betsy ról mór a imirt i gcás a bhfuil le tarlú don fhortún a d’fhág Gene Hackman ina dhiaidh.

Dúirt scrúdaitheoir míochaine i Santa Fe go bhfuair Betsy bás ar an 11 Feabhra de bharr hantavirus, galar riospráide a thagann ó fhual nó salachar lucha. Bhíothas den tuairim gur bhásaigh Hackman seachtain ina dhiaidh sin ar an 18 Feabhra mar gheall ar ghalar croí agus Alzheimer.

Gene Hackman agus a bhean chéile, Betsy Arakawa
Gene Hackman agus a bhean chéile, Betsy Arakawa

Mar sin féin, dúirt Dr Josiah Child, dochtúir i Santa Fe, gur labhair Betsy lena chlinic ar an 12 Feabhra, lá tar éis an dáta a bhí glactha leis mar lá a báis.

‘Ní fhéadfadh sí a bheith marbh ar an 11 Feabhra mar ghlaoigh sí ar mo chlinic an 12 Feabhra.’

Dúirt sé gur ghlaoigh Betsy air cúpla seachtain roimhe sin chun coinne a dhéanamh dá fear céile, ach gur chuir sí an coinne ar ceal dhá lá roimh an lá socraithe.

‘Ghlaoigh sí ar ais ar maidin an 12 Feabhra agus labhair sí le dochtúir eile. Rinneamar coinne di ach níor tháinig sí riamh.’

Dúirt sé freisin nach raibh aon comharthaí den ghalar riospráide uirthi.

Fuarthas corp Betsy ar urlár an tseomra folctha ina dteach i Santa Fe. Fuarthas Hackman, a bhí 93 bliain d’aois, 20 troigh uaithi i seomra eile.

Léirigh an scrúdú iarbháis nach raibh bia ina bholg, rud a thugann le fios nach raibh a fhios aige go raibh a bhean chéile marbh. Bhí ceann dá mhadraí tar éis bás a fháil de bharr ocras agus tart.

Tá go leor ceisteanna gan freagra fós ann, go háirithe maidir le bás Betsy. Deir saineolaithe nach bhfuil sé coitianta do dhuine sláintiúil 65 bliain d’aois bás tobann a fháil ó hantavirus.

‘Is galar annamh é, agus is gnách go bhfaigheann daoine bás san ospidéal nuair a bhíonn sé acu.’

Fágann bás an lánúin $80 milliún i dtaisce, ach níl sé soiléir cé a gheobhaidh an t-airgead. Bhí triúir pháiste ag Hackman, ach bhí a fhortún stóráilte i gciste príobháideach, agus níltear ag súil go mbeidh sonraí poiblí ann.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram