

Más maith leat an domhan a shábháil, ná bac leis na habhacáid (avocado) agus tósta ach bíodh babhla Weetabix agat.
Sin an chomhairle a thug an saineolaí garraíodóireachta Alan Titchmarsh. Dúirt an réalt teilifíse, atá 75 bliain d’aois, go bhfásann na habhacáid a itear san Eoraip in áiteanna ina bhfuil léirscrios á dhéanamh ar fhorais bháistí (rainforests).
‘Seoltar na hearraí 5,000 míle trasna na farraige’ a dúirt sé, ‘b’fhiú go mór Cornflakes, Weetabix nó Shreddies.’
Tá an praghas atá ar abhacáid ag ardú go mór i Meiriceá de bharr go bhfuil taraifí á ghearradh ag Donald Trump ar Mheicsiceo.

Ar fud an domhain tá imní ann faoin tionchar a bheidh ag athrú aeráide ar thíortha a fhásann abhacáid.
I Meicsiceo, tá an baol ann go dtiocfaidh meath idir 31% agus 43% ar an limistéar talún a úsáidtear chun abhacáid a fhás sa bhliain 2050 dar le tuairisc ón gcarthanacht Christian Aid.
Bíonn 320 lítear uisce ag teastáil chun abhacád amháin a dhéanamh ar an meán, dar leis saineolaí Honor Eldrige a scríobh an leabhar ‘The Avocado Debate.’
‘Tá an costas a bhaineann le táirgeadh abhacáid ag méadú agus tá an chuma ar an scéal go ngearrfar pionós ar an tomhaltóir, rud a ardóidh an praghas atá ar guacamole.’
Dúirt an Dr Chloe Sutcliffe, atá ina hollamh leis an Royal Horticultural Society, go dtagann na habhacáid as Peiriú agus an tSile, tíortha ina bhfuil ganntanas uisce de bharr an tionscadail seo. Cuireann sé seo go mór isteach ar an gcumas atá ag roinnt feirmeoirí beaga uisce a fháil.
‘De réir cosúlachtaí, cuirfidh an tionchar atá ag athrú aeráide ar uisce go mór le fadhbanna a bhaineann le ganntanais uisce sna háiteanna seo,’ a dúirt sí.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.