

Ar chuala tú trácht ar na Gaeltachtaí taobh amuigh d’Éirinn? Mar a tharlaíonn sé, tá ceann i gCeanada darbh ainm ‘Gaeltacht an Oileáin Úir’ nó ‘Gaeltacht Mheiriceá Thuaidh’ agus bunaíodh é i Mí an Mheithimh 2007.
Tá an pobal Gaeilge seo lonnaithe i Tamworth, Ontario – gar go leor don áit ar lonnaigh imircigh Éireannacha le linn ré an Ghorta Mhóir.
Cuireadh tús leis an tionscnamh nuair a reáchtáladh ranganna Gaeilge deireadh seachtaine i gcampa míleata sular bhog sé go clochar.

Is de shliocht na hÉireann iad 4.5 milliúin de mhuintir Cheanada, agus mar sin, is iad na hÉireannaigh an ceathrú grúpa eitneach is mó sa tír.
Bhunaigh Séamus Mac Concharraighe Cumann na Gaeltachta i 1994 le go mbeadh daoine i gCeanada in ann tumoideachas trí Ghaeilge a fháil sa tír.
Chuir an eagraíocht cúrsaí tumoideachais deireadh seachtaine ar fáil nuair a bunaíodh Gaeltacht an Oileáin Úir go hoifigiúil i 2007.
Déanann suíomh gréasáin na Gaeltachta seo cur síos ar an ‘ról tábhachtach’ atá acu an Ghaeilge a chur chun cinn i Meiriceá Thuaidh.
Luann freisin go bhfuil cultúr na hÉireann le feiceáil go mór i logainmneacha na tíre cosúil le Aontroim, Áth Cliath, Cill Áirne agus Port Láirge
Is é Dónall Ó Dubhghaill ceannaire tofa Ghaeltacht Mheiriceá Thuaidh agus fuair sé a chuid Gaeilge nuair a rinne sé cúrsa dhá-bhliain in Ollscoil Toronto.
20 bliain níos déanaí, is cainteoir Gaeilge líofa é Dónall agus tá sé ag tógáil a pháistí leis an teanga freisin.

Reáchtálann Gaeltacht an Oileáin Úir féilte agus cláranna eile chomh maith le himeachtaí foghlama do chainteoirí Gaeilge agus dóibh siúd atá fonn orthu an teanga a fhoghlaim.
Ag labhairt dó le ‘Ireland in Canada’, dúirt Ó Dubhghaill go bhfuil pleananna aige ranganna a eagrú a dhíríonn ar na canúintí Gaeilge difriúla agus díreoidh an chéad rang ar chanúint Chorca Dhuibhne.
Mhínigh sé go mbreathnaítear go minic ar na canúintí mar ‘rud casta nach bhfuil de dhíth’ agus nach dtuigeann daoine cé chomh tábhachtach is atá siad.
De bharr seo, bíonn mhórchanúint amháin ann agus dá bharr, is minic nach dtuigeann foghlaimeoirí tuairiscí ar an raidió nó an teilifis.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.