

Buataisí Saoirse, an Banshee Kerry agus Jag Barry … Réaltaí na hÉireann ag Faisin Pháras
Bhí áthas ar Saoirse Ronan agus Kerry Conlon i bPáras, cé nach raibh an t-ádh ar fhoireann rugbaí na hÉireann i gcoinne na Fraince i bpríomhchathair na Fraince.
Mar is scéal iomlán difriúil a bhí ann ag Seachtain Fhaisin Pháras.
Cé go raibh lucht leanúna an spóirt in Éirinn fós in ísle brí faoin gcluiche cinniúnach, bhí Saoirse Ronan i mbarr a réime agus chuir sí iontas ar dhaoine lena gúna beag dubh agus a buataisí fada suas go dtí a glúine.

Bhí sí ag freastal ar seó de chuid Louis Vuitton agus bhí bailiúchán éadaí do mhná le haghaidh Fómhar/Geimhreadh 2025-2026 á chur i láthair acu.
Ar ndóigh, ní raibh Saoirse ina haonar – bhí an t-aisteoir Kerry Condon i láthair freisin le haird a tharraingt ó na mainchíní faisin.
Agus bhí an-chuid caint an faoi Conlon a mbeidh ag cur iontas ar Hollywood arís go gairid mar tá ról spleodrach aimsithe aici in éindí le réalta mhór eile.
Tá sé fógartha ag ‘Deadline’ go mbeidh an Tiobraid Árannach le feiceáil in éindí le Woody Harrelson i ‘Giant’ – leagan nua de ‘Corazón de León’.
Tá sé socraithe go mbeidh Marcos Carnevale, a scríobh agus a stiúir an chéad leagan i 2013, mar stiúrthóir ar an leagan nua Béarla.
Déanann an scéal Airgintíneach cur síos ar dhlíodóir a thagann faoi bhrú ón tsochaí nuair a thosaíonn sí ag siúl amach le hailtire atá ina dhuine beag.
Bhain Kerry clú agus cáil amach dá róil i ‘Better Call Saul’ agus ‘The Banshees of Inisherin’ agus beidh sí le feiceáil go gairid in éindí le Brad Pitt i scannán spleodrach nua ‘F1’ do chuid Apple TV.
Rinne Kerry an guth le haghaidh an cúntóir ‘F.R.I.D.A.Y’ sna scannáin Iron Man. Thug na scannáin seo os cionn $8bn (€7.3bn) isteach.
San iomlán, d’éirigh leis na scannáin ina ghlac sí páirt ann $8.27bn a ghiniúint dar leis an suíomh CSGO Luck – níos mó na ban-aisteoir eile in Éirinn.
Tá sí sa cheathrú háit in Éirinn taobh thiar de Liam Neeson ($11.6bn), Michael Gambon, nach maireann, ($8.55bn) agus Domhnall Gleeson ($8.38bn) – áfach chuidigh na scannáin Harry Potter go mór le Gambon agus Gleeson uimhir ard a bhaint amach.

Ag labhairt di in agallamh le ‘The Playlist’ anuraidh, bhí Kerry ag gáire nuair a thug sí le fios nár chas sí le Robert Downey Jnr ach le déanaí – cé go raibh a glóir in úsáid in an-chuid radhairc leis an aisteoir clúiteach.
‘Aisteach go leor, níor chas mé le Robert Downey Jnr ach cúpla mí ó shin don chéad uair,’ a dúirt Kerry.
‘Bhí sé chomh haisteach agus greannmhar, mar thug mise le fios gur mo ghlóir a bhí ann an t-am ar fad.’
Ní raibh Saoirse ná Kerry ar na réaltaí Éireannacha amháin a bhí ag lonrú i bPáras, áfach.
Thug Barry Keoghan le fios go dtaitníonn imeachtaí faisin leis agus tharraing sé airde nuair a bhain sé an ócáid amach i Jaguar geall gorm.
Agus bhí bean Michael Fassbender, Alicia Vikander, ann chomh maith agus bhain daoine lán na súl as a mionghúna dearg le pátrún breacán (tartan) air.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.