Saol Patrick Kielty: An tragóid, an rómánsaíocht agus crógacht a athar

12/03/2025

Bhí ar Patrick Kielty déileáil leis an tragóid san am a chuaigh thart ach tá luachanna teaghlaigh láidre aige chun tacú leis

Bhí Patrick Kielty faoi scamall bróin agus é ag éirí aníos de bharr go bhfuair a athair bás nuair a bhí sé an-óg.

Áfach, cailleadh a mháthair freisin an Aoine seo caite, go gairid tar éis a chuir Kielty an eipeasóid is déanaí den Late Late Show i láthair.

Patrick agus Cat
Patrick agus Cat

Bean láidir, neamhspleách ab ea Mary Kielty agus thóg sí a pháistí le bród agus misneach.

Fuair a fear céile bás i 1988 nuair a dhúnmharaigh an UFF é. Mar sin, bhí sé an-deacair uirthi a clann a thógáil i gContae an Dúin.

Ag caint faoina mháthair, dúirt Patrick go raibh an grá céanna ag a mháthair dá bpáistí ar fad.

‘Bhíodh sé ag an Aifreann agus deireadh daoine léi “Tá ag éirí go han-mhaith le do mhac”. Agus deireadh sí “Tá triúr mhac agamsa, cén ceann atá tú ag caint faoi”.’

Dúnmharú a Athair

Dúnmharaigh an UFF Jack Kielty i 1988 nuair nach raibh sé ach 44 bliain d’aois.

Maraíodh é mar dhiúltaigh sé airgead cosanta a íocadh i rith na dTríoblóidí. Ní raibh Patrick ach 16 bliain d’aois ag an am.

Mary Kielty
Mary Kielty

Ag labhairt dó ar an gclár faisnéise ‘Once Upon a Time in Northern Ireland’, rinne Patrick cur síos ar an gcaoi go bhfuair sé an nuacht thragóideach go raibh a athair tar éis bás a fháil.

‘Is cuimhin liom a bheith ar scoil nuair a bhí mé 16, agus bhíomar ag cur póstaeir in airde le haghaidh Comic Relief,’ a dúirt Kielty.

‘Iarradh orm dul go hoifig an phríomhoide agus is cuimhin liom a bheith ag smaoineamh “ní bhfuair mé cead na póstaeir sin a chur in airde”.’

‘Dúirt an príomhoide liom, “Ba chóir duit suí síos… Lámhachadh d’athair”. Dúirt mé, “an bhfuair sé bás?”, agus dúirt sé liom go bhfuair.’

Sochraid a mháthar an tseachtain seo
Sochraid a mháthar an tseachtain seo

Thug Kielty le fios freisin nach bhfuair sé amach cén fáth go bhfuair a athair bás go dtí níos déanaí.

‘Chuaigh sé go dtí na póilíní mar ní raibh fonn air airgead cosanta a íocadh chuig na grúpaí paraimíleata dílseacha.’

Saol Pósta

Cé go bhfuair a athair bás agus é óg, d’éirigh le Patrick saol álainn a chruthú dó féin agus a chlann.

Chas Kielty lena bhean chéile agus láithreoir ‘This Morning’ Cat Deeley nuair a ghlac an bheirt acu páirt ar an gclár teilifíse ‘Fame Academy’ i 2002.

D’fhan siad i dteagmháil lena chéile agus ghuí siad teachtaireachtaí dá chéile ar a laethanta breithe.

In agallamh, rinne Cat cur síos ar an nós seo. ‘Oíche roimh mo bhreithlá, chuir sé glaoch orm agus labhair sé liom ar an bhfón.

‘Dúirt mé leis go rabhamar ag dul chuig an Beverly Hills Hotel le béile a bheith againn. Is trua é nach bhfuil tú anseo mar murach sin, d’fhéadfadh tú teacht.’

Ar an Late Late
Ar an Late Late

Bhí Patrick i dteach tábhairne i gContae an Dúin, ach rith sé abhaile chun eitilt go LA a chur in áirithe an mhaidin dár gcionn ag 7in le Cat a fheiceáil.

Phós an lánúin i 2012 tar éis a bheith ag siúl amach lena chéile ar feadh naoi mí.

Tá beirt mhac anois acu, Milo agus James.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram