

Deirtear gur ag muintir na hÉireann atá an próiseas is fearr nuair a thagann sé go dtí an bás, agus pléatar an cheist sin ar TG4.
Moltar go minic muid mar gheall ar an bpróiseas atá againn agus muid faoi bhrón.
Go hiondúil, cuirtear ár ndaoine muinteartha taobh istigh de chúpla lá i ndiaidh a mbáis.
Tagann an teaghlach agus cairde le chéile sna chéad laethanta ag tabhairt cúnaimh agus tacaíocht mhór mhillteach, ach céard a tharlaíonn nuair a thagann deireadh leis an tréimhse sin agus nuair a bhíonn tús i ndáiríre leis an mbriseadh croí?

Labhraítear faoi sin sa chlár faisnéise seo ar TG4.
Cén chaoi ar féidir leat leanúint ar aghaidh le do shaol nuair atá an páirtí a bhí agat ar feadh 16 bliana básaithe?
Cén chaoi a leanann tú ar aghaidh agus an duine is tábhachtaí i do shaol imithe?
Scéal agus taithí phearsanta Bhreandáin bun agus barr an chláir seo ar TG4 agus tugtar léargas ar fhírinne ar leith agus roinnte na ndaoine a bhfuil slán fágtha acu lena bpáirtithe nó a ndaoine muinteartha.
Rachaidh Breandán ar fud na tíre ag bualadh le daoine eile atá ag iarraidh a scéal féin a insint.
Sa Grief Café i nGaillimh, faigheann Breandán sólás i measc daoine eile atá ag déileáil le briseadh croí.
Insíonn Thomas Kiely do Bhreandán faoin mbriseadh croí a d’fhulaing sé nuair a bhásaigh a bhean Angela le hailse.
I nDún Chaoin insíonn an t-údar Éilís Ní Dhuibhne dó faoin tionchar a bhí ag a briseadh croí féin ar a cuid oibre nuair a bhásaigh a fear céile Bo.
Casann Breandán le Júli Ní Mhaoileoin, an Dingle Druid, agus feiceann sé an obair a bhíonn ar bun aici le daoine atá ag dul tríd an mbriseadh croí.
Tugann Bill Foley cuireadh do Bhreandán go dtí an teach a bhí aige lena fhear céile Christopher agus labhraíonn siad faoina dtaithí féin agus iad faoi bhrón ag bás páirtí comhghnéis.
I Luimneach, insíonn Katie Verling do Bhreandán gur cheart dúinn níos mó cainte a dhéanamh faoin mbás.
Tugann na comhráite leochaileacha agus ionraice seo, a rinneadh scannánú orthu thar tréimhse fhada ama, léargas ar cheann de na rudaí is mó a gcaitheann an duine déileáil leis.
Misneach – Cumha, Dé Céadaoin, 12 Márta 9.30pm ar TG4 agus ar Sheinnteoir TG4
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.