

Dhírigh an Roinn Rialtais, a bhfuil Patrick O’Donovan i gceannas air, ar chur amú airgead a laghdú, ach ghearr an tAontas Eorpach fíneáil €5 milliún ar an roinn céanna.
D’ordaigh an tAire Meán O’Donovan, an mhí seo caite, iniúchadh ar chaiteachas i mbreis agus 30 eagraíocht, tar éis gur tuairiscíodh gur chaith an Chomhairle Ealaíon (Arts Council) beagnach €7 milliún ar chóras teicneolaíocht faisnéise (IT) nach n-oibríonn.

Rinne an tAire O’Donovan, atá ina iar-Aire Gaeltachta, cur síos freisin ar thuairiscí faoi scanóir a cheannaigh an Ghailearaí Náisiúnta, nár úsáideadh agus a chosain beagnach €125,000.
Dúirt O’Donovan gur ábhair ‘náire ollmhór’ é sin.
Mar sin féin, tá náire ar Roinn an Aire O’Donovan féin anois agus dúradh leis fíneálacha níos mó ná €5 milliún a íoc mar theip orthu treoir ón AE a chur i bhfeidhm. Íocadh na fíneálacha anuraidh, sula ndeachaigh an tAire láithreach i gceannas.
Baineann na fíneálacha le moilleanna agus iad ag tabhairt isteach ardáin físeán faoi raon feidhme na Treorach um Sheirbhísí Meán Closamhairc (Audiovisual Media Services Directive, AVMSD).
Socraíonn an treoir cuóta 30% d’ábhar Eorpach ar sheirbhísí sruthú, cruthaítear cosaintí ar líne do leanaí, agus rialacha frith-fuath cainte a bhaineann le cuideachtaí meán sóisialta ar nós YouTube agus X.
Tá ceanncheathrú Eorpach do go leor de na cuideachtaí móra seo i mBaile Átha Cliath. Neartaíonn an treoir freisin rialtóirí náisiúnta na meán, rud a chabhraíonn le tacaíocht a thabhairt do chomhlachtaí meán Éireannacha ach tá cuideachtaí móra idirnáisiúnta i gcoinne na gcinntí seo.
Glacadh an dlí i 2018 agus foilsíodh treoirlínte chun é a chur i bhfeidhm dhá bhliain ina dhiaidh sin. Sheol Coimisiún an Aontais Eorpaigh litreacha rabhaidh i mí na Samhna 2020, i mí Mheán Fómhair 2021 agus i mí na Samhna 2021, ag cur in iúl don Rialtas go raibh sárú á dhéanamh air.
I mí Feabhra seo caite, gearr Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh fíneáil de €2.5 milliún ar Éirinn mar theip ar an Roinn na hathruithe a chur chun cinn, agus d’ordaigh siad d’Éirinn pionós laethúil de €10,000 a íoc fad is a leantar gan an treoir a chomhlíonadh.
Dúirt an chúirt gur theip ar formhór stáit an AE an jab a dhéanamh ag an spriocdháta ach gurb í Éire an ballstát ina bhfuil an líon is mó ardán comhroinnte físeáin bunaithe.
Tá sé ráite ag Roinn an Aire O’Donovan go bhfuil an creat rialála nua curtha i bhfeidhm acu faoi dheireadh ach gur fíneálacha de €2.6 milliún eile ba chúis leis an moill, rud a thug an pionós airgeadais iomlán go €5.1m.
Dúirt urlabhraí, i mí an Mhárta 2023: ‘D’aistrigh Éire an AVMSD i bpáirt le tosach feidhme an Achta um Shábháilteacht ar Líne agus um Rialáil Meáin’.
Ach dúirt siad nach raibh an próiseas críochnaithe go dtí an 19 Samhain anuraidh.
Dúirt an Roinn: ‘Íocadh an fhíneáil de €2.5 milliún i mí an Mheithimh 2024. B’ionann na híocaíochtaí pionóis laethúla agus €2.64 milliún. Íocadh in dhá thráinse, an chéad cheann i mí Dheireadh Fómhair 2024 agus an dara ceann i mí Eanáir 2025.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.