

Creideann tuairisceoirí ar shaol na celebs go bhfuil Barry Keoghan agus Sabrina Carpenter ar ais le chéile arís – tar éis don aisteoir Éireannach nod a thabhairt faoi sin, lena rogha faisin ag an Paris Fashion Show.
Dhearbhaigh Sabrina a scoilt ó Keoghan níos luaithe i mbliana tar éis tuairiscí sna meáin chumarsáide a chur i leith Barry as a bheith mídhílis.
D’eisigh Barry ráiteas dá chuid féin, ag pléadáil ar son príobháideachta tar éis dó a Instagram a scriosadh, mar gheall ar an leibhéal ard do mhasla a bhí ann, a dúirt sé.

Mar sin féin, tá tuairisceoirí ag rá gur chaith Barry, atá 32 bliain d’aois, dealg (brooch) croí-chruthach ar a seaicéad gorm geal, léine ghorm agus jeans.
Píosa an-chosúil a bhí ann le héadaigh stáitse Sabrina a chaith sí le linn an turais Short n’ Sweet.
Bhí iontas ar lucht féachana ag ceolchoirm Sabrina Carpenter sa 3Arena i mBaile Átha Cliath le déanaí.
D’éirigh le Sabrina dhá ghradam Grammy a bhuachan ag tús na míosa. Fuair sí gradam don albam popcheol canta is fearr dá halbam Short n’Sweet, agus ceann don léiriú is fearr dá hamhrán Espresso.
Ainmníodh Carpenter do sé ghradam Grammy san iomlán le haghaidh an t-ealaíontóir nua is fearr, ceirnín na bliana agus albam na bliana.
Bhí Sabrina, a bhíodh mar réalt Disney agus í ina páiste, le feiceáil ar stáitse ag searmanas na nOscars ag canadh meascán amhrán óna halbam.
Bhí an t-amhrán Espresso ar bharr na gcairteacha sa Bhreatain ar feadh seacht seachtaine. Freisin, d’ainmnigh BBC Radio 1 é mar amhrán na bliana do 2024, agus Charli XCX agus Chappell Roan san iomaíocht don teideal seo chomh maith.
Bhí sí le feiceáil ar fud an domhain lena turas Short n’ Sweet agus i mBaile Átha Cliath chuir sí tús le ceolchoirmeacha san Eoraip nuair a chuir sí iontas ar an lucht féachana sa 3Arena.

Bhain an turas seo clú agus cáil amach de bharr an cur i láthair drámatúil agus feistis galánta Carpenter.
Sa 3Arena, bhí sceitimíní ar an lucht féachana de bharr go raibh feisteas lonrach glas smaragaide á chaitheamh aici nuair a thug sí ómós do Rachel Chinouriri, a chuir tús leis an oíche.
Le déanaí bhí Sabrina bhí ag tabhairt tacaíochta do Taylor Swift agus chan sí féin ag ceolchoirmeacha de chuid an Era’s Tour i Meiriceá Theas, an Astráil agus Singeapór.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.
