

Tá fear Éireannach, a bhí ar teitheadh ón bpríosún, gafa anois i Meiriceá de bharr líomhaintí faoi chúiseanna caimiléireachta.
Baineann na líomhaintí le caimiléireacht ar luach $850,000 a rinneadh ar sheanbhean maidir le hobair athchóirithe a bhí á dhéanamh aige ar thithe de réir dealraimh.
Beidh an tÉireannach Elijah Gavin le feiceáil os comhair na cúirte i Rhode Island an tseachtain seo agus líomhnaítear go raibh sciúradh airgid (money laundering) ar siúl aige agus go raibh baint aige le comhlacht tógála a bhí i mbun caimiléireachta.

Bhain an tÉireannach, atá 29 bliain d’aois, úsáid as ainmneacha bréige cosúil le ‘Timothy O’Reilly’ agus ‘Elijah Thomas’ agus líomhnaítear go raibh sé mar bhall de bhuíon choiriúlachta darbh ainm ‘The Targets’.
De réir dealraimh, dhírigh an grúpa seo ar úinéirí tí i Rhode Island, Massachusetts, New Jersey agus Nua Eabhrac le caimiléireacht ar luach $1 milliún a dhéanamh.
Níor fhill Gavin ar an bpríosún i gContae Dhoire nuair a scaoileadh saor é ar bhonn atrua i 2022.
Gabhadh i New Jersey é ar an 29ú Eanáir nuair a d’aimsigh póilíní seisear íospartach a aimsiú idir Márta 2023 agus Bealtaine 2024.
Dar leis na líomhaintí i Meiriceá, tá Gavin ina bhall de ghrúpa ‘Travelling Conmen Fraud Group (Conmen Travellers).’
Rinne an rannóg sceimhlitheoireachta an FBI dianscrúdú ar an tÉireannach, rud a thugann le fios go bhfuil na húdaráis i Meiriceá den tuairim go bhfuil an cás seo tromchúiseach.
Dar leis an rannóg seo, tá grúpaí coirpeach as Éirinn agus an Bhreatain ag dul go Meiriceá ar víosa thurasóireachta sula sáraíonn an tréimhse ama a bhaineann leis. Nuair atá siad i Meiriceá, téann siad ó áit go háit ag tairiscint oibre thógála mar chuid de scéim caimiléireachta.
Is minic a thairgeann siad a chuid seirbhísí ar phraghas íseal, agus sula gcríochnaíonn siad an jab, deir siad go mbíonn athchóiriú sa bhreis le déanamh nó go mbíonn níos mó airgid de dhíth.
Dar le doiciméad a bhí dréachta ag na húdaráis i Meiriceá, d’eitil an tÉireannach go Meiriceá ó Bhaile Átha Cliath Mí Dheireadh Fómhair 2022, nuair a scaoileadh saor é ar bhonn sealadach ón bpríosún i nDoire. Ag an am bhí sé socraithe go mbeadh sé os comhair na cúirte ar chúiseanna a bhain le hiarracht caimiléireacht ar luach £40,000 (€48,000) a dhéanamh ar sheanbhean.
Ciontaíodh Gavin cheana ar líomhaintí as ionsaí, buirgléireacht, agus gadaíocht. Cuireadh a víosa ar ceal de bharr seo i Mí Bhealtaine 2023, dar le doiciméid chúirte.
Coimeádadh Gaan tÉireannach vin i Meiriceá ó gabhadh é i New Jersey ar an 29ú Eanáir agus beidh sé os comhair na cúirte dúiche i bProvidence Dé Luain.
De réir dealraimh, thug ceann de na híospartaigh, seanbhean atá 78 bliain d’aois, os cionn $850,000 (€800,000) dó le hathchóiriú nach raibh de dhíth a dhéanamh ar a teach.

D’iarr duine ón ngrúpa uirthi airgead a chur síos, agus tháinig méadú ollmhór ar na costais chun meaisíní speisialta a fháil.
D’aithin an bhean pictiúr den tÉireannach a foilsíodh i nuachtán áitiúil i mBéal Feirste a rinne cur síos ar an gcaoi nár éirigh leis filleadh ar an bpríosún.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.