
Tá sé deacair do Ronan Keating déileáil leis na cuimhní ar fad faoi bhás Stephen Gately ar labhair siad fúthu sa chlár faisnéise le déanaí.
Bhí fearg ar an amhránaí agus bhí sé thar a bheith trína chéile agus é ag labhairt faoi chailliúint a chara agus a chomhghleacaí i mí Dheireadh Fómhair 2009.

Ag labhairt dó faoin gclár faisnéise le déanaí faoi Boyzone, dúirt Keating: ‘Tá sé deacair go leor féachaint air. Sílim go n-éiríonn tú feargach agus trína chéile.
‘Is fada uainn Steo agus is lú an domhan gan é.
‘Tá sé thar a bheith tábhachtach dúinn an scéal seo a insint. Is iontach an rud atá déanta againn ach uaireanta ceapaim nár bhaineamar an lámh in uachtar.’
Dúirt sé freisin: ‘Ba í an chuid ba thábhachtaí den tionscadal seo ná oidhreacht Stephen a chosaint agus go bhfeicfeadh a nianna agus neachtanna é.
‘Ní raibh na meáin shóisialta againn sna 1990í agus is é an clár faisnéise seo ár leagan de na meáin shóisialta.’
Agus rinne baintreach fir Gately, Andrew Coles, cosaint ar Louis Walsh nuair a spreag sé géarcháineadh tar éis a eisíodh clár faisnéise nua faoi Boyzone.
Déanann an clár, a eisíodh an mhí seo caite, cur síos ar an gcaoi gur bhain an banna ceoil clú amach, an scoilt agus teacht le chéile, comh maith le bás Stephen. Tharraing an méid a bhí le rá ag Louis Walsh conspóid de bharr go ndúirt sé gur dhíol sé scéalta faoi na buachaillí chuig na nuachtáin tablóideacha.

Bhí Stephen agus Andrew i gcaidreamh lena chéile ó 2002 go dtí gur éag Gately i 2009 ina n-arasán i Majorca. Dúirt Andrew nach bhfuil an clár faisnéise feicthe aige – ach rinne sé cosaint ar Louis nuair a dúirt duine de lucht féachana an chláir go raibh Louis ‘olc.’
Dúirt Andrew faoi Louis, ‘Bhí sé geanúil ar na buachaillí agus chinntigh sé gur bhain siad clú amach. Sin é.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.