Bono in easnamh do Lá na Máithreacha le Eve

26/02/2025

Bhí Lá na Máithreacha sa bhreis ag Eve Hewson le Ali agus na Bad Sisters, ach cá raibh Bono?

Fiú má tá tú ag baint clú agus cáil amach, teastaíonn do mhamaí uait fós – rud a thuigeann Eve Hewson ó Bad Sisters go maith.

Tá Eve, atá 33 bliain d’aois, anois i mbéal an phobail agus ar ndóigh tá bród ar a tuismitheoirí cáiliúla Bono agus Ali Hewson.

Ag labhairt di ar an bpodchraoladh Louis Theroux, thug Sharon Horgan le fios nár éirigh le Bono cuairt a thabhairt ar an seit ach rinne Ali rud gleoite d’Eve agus na cailíní.

Bad Sisters le Eve Hewson
Bad Sisters le Eve Hewson

Déantar an-chuid den scannánaíocht do Bad Sisters i gCladach an Daichead Troigh (Forty Foot) i gCuan Átha Cliath mar bíonn sé mar chaitheamh aimsire ag na deirfiúracha sa chlár a bheith ag snámh san fharraige.

Mar is eol dúinn ar fad, cé go mbíonn lá deas nó dhó againn i rith an tsamhraidh, ní bhíonn fonn ar dhaoine léim isteach go Muir na hÉireann de ghnáth.

Dúirt Sharon le Louis go raibh sí féin, Eve, Sarah Greene, Eva Birthistle agus Anne-Marie Duff thíos ag an Forty Foot agus bhí ‘ a gcíocha préachta leis an bhfuacht.’

Ach chuir Ali iontas orthu nuair a fuair sí seacláid the dóibh ar fad. Go díreach mar a bheifeá ag súil leis ó mhamaí Éireannach – agus bhí áthas an domhan ar Eve.

D’admhaigh Sharon nár chas sí le Bono sa bhfíorshaol go fóill, ach bhí sí ar FaceTime leis agus Ali ag cóisir breithlá Eve.

Thug sí le fios go dtaitníonn Bad Sisters le Bono agus gur shuí sé thíos le breathnú ar an gclár in éindí leis an mbanna ar fad.

Taitníonn sé go mór linn nuair a thugann athair go leor tacaíochta dá iníon, ach is dócha go raibh sé deacair air freastal ar Bad Sisters le Eve agus turas domhanda ar siúl aige.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram