Molann Saoirse Ronan na réaltaí Hollywood a thug treoir di mar pháiste

20/02/2025

‘Sílim anois go bhfuil spás ann do níos mó ná aisteoir baineann amháin,’ a deir Saoirse

Labhair Saoirse Ronan le déanaí faoina saol mar aisteoir óg agus mhol sí go mór na réaltaí a thug treoir di agus í ina páiste.

Rinne an t-aisteoir ó Outrun na ráitis seo agus í ag labhairt le Extra.ie nuair a bhuaigh sí dhá ghradam IFTA.

I rith a óráid agus í ag glacadh leis an ngradam don phríomh-aisteoir baineann is fearr, thug Saoirse cuireadh don aisteoir óg Alisha Weir teacht ar stáitse leis an tallann aisteoireachta in Éirinn a léiriú.

Ag labhairt ina dhiadh é seo, luaigh Saoirse na haisteoirí ar fad a thug cuidiú di nuair a bhí sí óg.

Saoirse Ronan
Saoirse Ronan

‘Bhí an-mheas agam ar an-chuid aisteoirí. Bhí an t-ádh dearg orm gur thug na fir agus na mná, a bhí ag obair liom nuair a bhí mé óg, tacaíocht dom agus bhí siad an-gheanúil orm.

‘Daoine cosúil le Juno Temple agus James McAvoy agus Rachel Weiss agus Catherine Zeta Jone agus Stanley Tucci, atá mar chara agam fós, agus Guy Pierce,’ a dúirt Saoirse.

‘Ní dhéanfaidh mé dearmad ar an am a thug siad dom.’

Rinne Saoirse cur síos freisin ar an gcaoi gur athraigh an tionscadal scannánaíochta d’aisteoirí óga.

Dúirt Saoirse: ‘Sílim anois go bhfuil spás ann do níos mó ná aisteoir baineann amháin. Tá sé seo á dhéanamh agam ar feadh 20 bliain agus ba mhaith go dtabharfar tacaíocht don chéad ghlúin eile.

‘Is dócha go mbímse ag cur isteach orthu, ach tá an t-uafás aisteoirí óga ann anois. Ní raibh an aird ó na meáin chomh láidir nuair a bhí mise óg, ach tá an fonn orm go mothaíonn an dream óg gur féidir leo labhairt linn agus go bhfuil siad mar chuid de phobal ar leith.

Bhí na Gradaim IFTA le feiceáil ar RTÉ 1.

Bhí réaltaí aisteoireachta na hÉireann le feiceáil ann agus bhí Kevin McGahern á cur i láthair.

Kneecap
Kneecap

Bhí go leor daoine mór le rá ann cosúil le Cillian Murphy, Andrew Scott, Ruth Negga, Nicola Coughlan, Sharon Horgan, Kneecap, Liam Cunningham, Chris O’Dowd, Caitríona Balfe, Patrick Gibson and Alison Oliver agus go leor eile.

Bhuaigh Small Things Like These an gradam don scannán is fearr agus fuair Cillian Murphy an gradam don phríomh-aisteoir is fearr dá ról sa scannán sin.

Bhuaigh Saoirse dhá ghradam, ceann do phríomh-ról ag aisteoir baineann agus ceann do ról tacaíochta sna scannáin The Outrun agus Blitz.

Fuair an scannán Kneecap gradaim don Stiúrthóir is fearr, dearadh feistis, eagarthóireacht agus roghnú aisteoirí.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram