Seacláid Dubai, an faisean is déanaí i mbia rómánsúil

16/02/2025

Níl blas chnó phiostáise agus Knafeh ach ar chuid de thaitneamhachtaí rúnda le Seacláid Dubai

Tár éis Lá Fhéile Vailintín, mura bhfuil tú tar éis trial a bhaint as Seacláid Dubai, gach seans gur tusa an duine deireanach in Éirinn nár bhain.

Tá an chuma ar an scéal go bhfuil an-tóir ar an seacláid seo, agus í díolta amach i siopaí ar fud fad na hÉireann.

Ach céard is Seacláid Dubai ann agus cén fáth go bhfuil sé comh speisialta?

Bíonn blas chnó phiostáise (pistachio nut) ar sheacláid Dubai agus bíonn uigeacht glaeúil, calógach air
Bíonn blas chnó phiostáise (pistachio nut) ar sheacláid Dubai agus bíonn uigeacht glaeúil, calógach air

Bíonn blas chnó phiostáise (pistachio nut) ar sheacláid Dubai agus bíonn uigeacht glaeúil, calógach air.

Tá an barra seacláide seo bunaithe ar bharra as an Tuirc a bhaineann úsáid as cnónna piostáise comh maith le taosrán milis darbh ainm Knafeh, agus bíonn an-tóir air timpeall an Mheáinoirthir.

I measc na comhábhar atá i Seacláid Dubai, bíonn téis tahini agus seacláid bhainne.

Cárbh as a tháinig Seacláid Dubai?

Sarah Hamouda a chruthaigh an barra seacláide seo nuair a bhunaigh sí a comhlacht FIX Dessert Chocolatier i Dubai.

Seasann na litreacha ‘FIX’ le haghaidh ‘Freaking Incredible Experience’ agus thug Sarah ainm ar leith don bharra é féin, ‘Can’t Get Knafeh of It.’

Cé hí Sarah Hamouda agus céard a thug inspioráid an tseacláid seo a chruthú?

Is as an mBreatain agus an Éigipt di Sarah Hamouda agus bhog sí go Dubai naoi mbliain ó sin lena teaghlach.

Nuair a bhí sí ag iompar clainne i 2021, tháinig sí ar oideas le haghaidh ‘Seacláid Dubai’ nuair a bhí fonn uirthi rud a ithe a bhí difriúil ón gnáth-sheacláid. 

Bhain Sarah úsáid as comhábhair ón Meánoirthear leis an mbarra a líonadh cosúil le cnónna piostáise agus tá a fhios ag madraí an bhaile cén chríoch a bhí ar an scéal.

Cén fáth go bhfuil seacláid Dubai comh speisialta sin?

Dar le Sarah, cuireann an múnla (mould) a bhaineann sí úsáid as go mór le cruth agus uigeacht na seacláide.

Cén fáth go bhfuil an oiread sin tóir ar an seacláid?

Is féidir le Sarah a buíochas a ghabháil le TikTok. Bhain an tseacláid clú agus cáil amach nuair a thug tionchairí (influencers) ardmholadh don táirge.

D’fhéach 114 milliúin daoine ar fhíseán den tiochaire bhia Maria Vehera nuair a bhain sí trial as an mbarra ina car – rud a spreag na mílte chun an barra cáiliúil a athchruthú.

Áfach, chuir rath an táirge iontas ar Sarah. Dúirt sí, ‘leis an fhírinne a insint, níor cheap mé go mbeadh éileamh ar an táirge ar fud an domhain.’

Cén fáth go bhfuil Seacláid Dubai comh daor sin?

dubai choclate

Bíonn gach barra seacláide ó FIX lámhdhéanta, agus tugann sé seo le fios cén fáth go bhfuil siad comh daor sin.

Ní féidir le Sarah agus a fear céile ach méid áirithe a dhéanamh agus tá sé tábhachtach di go mbeidh an táirge ar ard-chaighdeán.

An féidir liom Seacláid Dubai a aimsiú in Éirinn?

Bíonn Sugar Plum Sweetery mar cheann de stocadóirí (stockists) is mó sa tír.

Áfach, tugann an comhlacht le fios go dtógann sé 20 lá an glacadh le horduithe de bharr an t-éileamh atá ann.

Tá stocadóirí eile in Éirinn cosúil le Avoca comh maith le Chez Emily agus Galway Chocolate.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4


Comhroinn Anois

Léigh Níos Mó

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram