

Tá an scéal faoi dhúnmharú brúidiúil mar chuid de shraith nua ar TG4
Beidh an cúigiú sraith de Marú Inár Measc ag tosú ar TG4 Dé Céadaoin, sé sin sraith ffaisnéise trí chlár bunaithe ar choirscéalta mór le rá.
Déantar cur síos sa chéad chlár ar dhúnmharú uafásach Marian Beattie, bean óg ocht mbliana déag as Port an Dúnáin a dúnmharaíodh go brúidiúil agus ar fágadh a corp ag bun cairéil an 31 Márta 1973.

Bhí Marian tar éis a bheith ag damhsa carthanachta in Achadh na Cloiche, Co. Thír Eoghain.
Níl an cás réitithe breis is leathchéad bliain ina dhiaidh agus tá a muintir fós ag lorg na fírinne agus an chirt agus tá an chas sin á chur chun cinn ag an chlár TG4 seo.
Labhraíonn Isadore, deartháir Marian, agus Nuala Wilson, an cara ab fhearr a bhí aici, sa chlár faisnéise seo.
Bhí siad beirt in éineacht le Marian an oíche ar maraíodh í.
Tá an dúnmharú brúidiúil seo, a tharla le linn na tréimhse ba mheasa de na Trioblóidí, anois i measc na gcéadta cás atá faoi chúram Bhrainse na bhFiosrúchán Stairiúil an PSNI.
Sa tsraith seo ar TG4, tugtar léargas ar an tionchar a imríonn coireanna marfacha ar an tsochaí, ar phobail agus ar theaghlach an íospartaigh nuair nach bhfuil aon réiteach ceart ar an gcás.

Déanfar míreanna faisnéise breathnaitheacha a thaispeáint freisin, in éineacht le fianaise ó na daoine a bhfuil an tubaiste fós ag goilliúint orthu.
Tabharfar léargas i ngach clár faisnéise ar an gcaoi a dtéann teaghlaigh atá faoi scáth an bhróin, daoine muinteartha agus an pobal ina bhfuil cónaí orthu ar aghaidh leis an saol, agus leis an bhfeachtas ar son an chirt na cásanna a choinneáil beo agus i mbéal an phobail.
Seo an cúigiú sraith de Marú Inár Measc ar TG4 agus chomh maith leis an tsraith teilifíse, tá podchraoladh ar fáil den ainm céanna ó Midas Productions agus TG4 agus á chur i láthair ag Sorcha Nic Eochagáin, léiritheoir na sraithe.
Fiosraítear ann an tionchar a bhí ag gach aon chás ar an tsochaí. Tá teacht ar an bpodchraoladh ar gach mór-ardán podchraoltaí.
Marú Inár Measc, 9.30pm, Dé Céadaoin, 19 Feabhra ar TG4.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.