Sláinte! Cosnaíonn fíon (wine) agus seacláid (chocolate) sinn ó néaltrú (dementia), de réir taighde Éireannach

12/02/2025

Léiríonn staidéar suntasach nua in Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste na buntáistí a bhaineann le ‘flavonoids’, maidir le néaltrú (dementia) a stopadh

Daoine ar mhaith leo seacláid dhorcha agus fíon dearg, beidh áthas orthu a fháil amach go bhféadfaidís a riosca néaltrú (dementia) a laghdú.

Agus ní hé an Beaujolais agus Bournville amháin a choimeádfaidh d’intinn shláintiúil ón néaltrú, a d’aimsigh staidéar Éireannach.

 Is é eacláid dhorcha agus fíon dearg a théann le chéile
Is é eacláid dhorcha agus fíon dearg a théann le chéile

Tá bianna eile saibhir i ‘flavonoids’, cosúil le sméara (berries)  agus tae, agus is féidir leo néaltrú a choinneáil ar amach uainn freisin.

Tá sé tuairiscithe ag taighdeoirí in Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste go bhféadfadh iontógáil bia agus dí a bhfuil neart flavonoids iontu cuidiú le laghdú 28% ar an mbaol go bhforbrófar (develop) néaltrú an tinneas doleigheasta (incurable).

Tá thart ar 64,000 duine in Éirinn ag maireachtáil le cineál néaltrú. Meastar go n-ardóidh an figiúr seo go 150,000 duine faoi 2045.

Cé go gcuireann aois agus géineolaíocht (genetics) go mór le forbairt an ghalair, dúirt na taighdeoirí i mBéal Feirste go bhfuil fianaise léirithe go bhféadfadh ról tábhachtach a bheith ag bia  ar fachtóirí riosca chun cosc a chur air.

Dúirt an staidéar go bhfuil raon buntáistí sláinte ag ‘flavonoids’, a fhaightear go príomha i mbianna plandaí, ní hamháin chun néaltrú a sheachaint.

Áirítear lena buntáistí sláinte sin airíonna frithocsaídeirrí (antioxidants), frith-athlastacha (anti-inflammatory) agus frith-ailse (anti-cancer).

Bhí an staidéar ar néaltrú, a foilsíodh in JAMA Network Open, faoi stiúir an Ollaimh Aedin Cassidy as Comh-Ionad do Chórais Bia Inbhuanaithe (Co-Centre for Sustainable Food Systems) agus an Institiúid um Shlándáil Bia Domhanda (Institute for Global Food Security) in Ollscoil na Banríona.

Dúirt comhúdar an staidéir, an Dr Amy Jennings, ó Scoil na nEolaíochtaí Bitheolaíochta (School of Biological Sciences) in n Ollscoil Banríona, go dtugann torthaí teachtaireacht shoiléir dúinn, agus is é sin: ‘D’fhéadfadh beart simplí mar mhéadú laethúil ar glacadh le bia a bhfuil go leor ‘flavonoid’ ann, riosca néaltraithe a laghdú, go háirithe i ndaonraí atá i mbaol ard.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4


Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram