

Dúradh le Teachtaí Dála a thacaíonn leis an Rialtas nach féidir leo am labhartha an Fhreasúra a ghlacadh – ach anois tá an Rialtas chun níos mó ama a thabhairt dóibh ar aon nós, de réir tuairisc.
De bharr gur theip ar Theachtaí Dála an Rialtais an méid a bhí uathu a fháil, athrófar am labhartha na Dála chun a bheith oiriúnach dóibh, de réir na tuairisce.

Tabharfaidh an plean nua deis do Theachtaí Dála a thacaíonn leis an Rialtas ceisteanna a chur faoin jab iontach atá á dhéanamh acu.
Chuirfeadh sé seo teorainn leis an méid ama a bhíonn ag baill an Fhreasúra lena gcuid oibre a dhéanamh, is é sin an Rialtas a choinneáil cuntasach.
Mar gheall ar iarracht a rinne baill de ghrúpa Michael Lowry, níos mó ama cainte a fháil, tá iarrtha ar gach Teachta Dálaaighneachtaí a dhéanamh ar socruithe cainte nua.
Tá sé tuairiscithe ag an Irish Mail on Sunday, áfach, go bhféadfadh go mbeidh cleachtas ina gcuireann Teachtaí Dála an Rialtais ceisteanna ar an Taoiseach le linn Cheisteanna na gCeannairí.
Tarlaíonn sé seo sa Bhreatain áit a gcloistear Teachta Parlaimint a thacaíonn leis an rialtas ag fiafraí den Phríomh-Aire ar mhaith leis nó léi tionscnaimh áirithe a dhéanann a Rialtas féin a mholadh.
Is minic a chuirtear magadh ar an bpróiseas sin i seónna grinn ach, toisc go n-oireann sé don rialtas, agus go gcuireann sé teorainn leis an méid cáineadh a fhaigheann sé, ní athraíonn siad riamh é.
Athrófar orduithe seasta sa Dáil tar éis do pháirtithe an fhreasúra teacht le chéile maidir le diúltú don straitéis a bhí ag grúpa Lowry.
Anois tá Airí sinsearacha ag rá go ndéanfaidís athruithe a fhágann go gcaillfidh páirtithe an fhreasúra a gcuid ama cainte, de réir na tuairisce san Irish Mail on Sunday.

Dúirt ball Comh-Aireachta (Cabinet memeber) amháin: ‘Ba cheart don fhreasúra a bheith cúramach ar an rud is mian leo.
Dúirt siad: ‘D’fhéadfadh laghdú suntasach a bheith tagtha ar a gcuid ama cainte agus rannpháirtíochta i lárphíosa na Dála, Ceisteanna na gCeannairí, do ghrúpaí polaitiúla mar Paul Murphy agus Richard Boyd Barrett.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.