Bhris conarthaí OPW arbh fhiú €50m iad na rialacha caiteachais agus tá an tAire faoi bhrú

09/02/2025

Tá éileamh ar fhiosrúchán iomlán, tar éis d’fhigiúirí nua níos mó fadhbanna a léiriú faoin gcaoi a bhfuil airgead ónár gcánacha á chaitheamh ag an OPW

Bhris na céadta conarthaí tógála don OPW, arbh fhiú níos mó ná €50 milliún iad, na rialacha soláthair a chinntíonn go n-úsáidtear airgead na gcáiníocóirí go héifeachtach.

Tháinig an scéala seo amach tar éis nochtadh le déanaí faoi chostas balla, bothán rothar don Dáil agus bothán slándála.

Tháinig an t-eolas is déanaí i ndiaidh don TD neamhspleách Carol Nolan ceisteanna a chur; agus anois tá sé ráite aici go gcaithfear imscrúdú iomlán a dhéanamh ar Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) agus ar a conarthaí.

Agus d’éiligh sí beart óna comhghleacaí sa ghrúpa Teachtaí Dála Neamhspleácha Réigiúnacha, an tAire Kevin ‘Boxer’ Moran.

Tháinig an t-eolas is déanaí faoin OPW i ndiaidh don TD neamhspleách Carol Nolan ceisteanna a chur
Tháinig an t-eolas is déanaí faoin OPW i ndiaidh don TD neamhspleách Carol Nolan ceisteanna a chur

I measc na gconspóidí atá ar eolas againn cheana féin tá:

• €336,000 caite ar bhothán rothar na Dála;

• €1.4 milliún le haghaidh bothán slándála ag bealach isteach chuig Tithe an Rialtais;

• Agus an €490,000 a caitheadh ​​ar bhalla 70 méadar lasmuigh de cheanncheathrú an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre (WRC).

Agus léiríonn na figiúirí is déanaí faoin OPW, a cuireadh ar fáil do Nolan: sna seacht mbliana idir 2017 agus 2023 gur bhris 387 conradh, ar luach €50,875,478 iad, na rialacha.

Bhí luach níos mó ná €500,000 ar chúig cinn déag de na conarthaí a sháraigh na rialacha. Áirítear leo:

• Seirbhísí Cothabhála Réadmhaoine (Property Maintenance Services), a chosain €1.9 milliún sa deireadh i 2020:

• Conradh €1.2 milliún chun bloc cillíní nua a thógáil i Stáisiún na nGardaí i Longfoirt.

• Conradh de €926,250 le haghaidh ‘oibreacha dín’ ag foirgneamh na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara i gCloich na Coillte (Clonakilty), Co. Chorcaí, i 2022;

• Conradh €877,258 le haghaidh oibreacha ar Stáisiún na nGardaí i Sligeach i 2021;

• €557,940 caite ar obair i stáisiún na nGardaí ar Shráid Uí Chonaill i mBaile Átha Cliath i 2023.

Dúirt Nolan go léiríonn na figiúirí faoin OPW an gá atá ann le hathbhreithniú láithreach bonn ar an ngníomhaireacht Stáit, an bainistiú a dhéanann sé ar chistí cáiníocóirí agus an láimhseáil a dhéanann sé ar chonarthaí tógála poiblí.

Dúirt an TD as Laoise-Uíbh Fhailí: ‘Caithfidh [Kevin] Boxer Moran na lámhainní a bhaint de agus greim daingean a fháil ar an gcleachtas uafásach seo.’

Ag trácht dó ar na figiúirí, dúirt an tAire  Moran: ‘Is é an tosaíocht atá agam in oifig ná branda an OPW a atógáil.

Kevin 'Boxer'Moran
Kevin ‘Boxer’Moran

‘Tá mé ag brú go láidir ar athchóiriú agus go dtí seo creidim go bhfuil mé ag brú doras oscailte.’

Dúirt an OPW: ‘Déanann Oifig na nOibreacha Poiblí a dícheall cloí leis an gcreat um sholáthar poiblí, ach mar atá i gcás gach comhlachta phoiblí, d’fhéadfadh imthosca a bheith ann nuair nach mbíonn an soláthar ag teacht go hiomlán leis na treoirlínte soláthair.’

Ach dúirt siad: ‘Admhaíonn an OPW an próiseas soláthair sin’. Ba cheart iad a neartú agus tá tús áite á thabhairt aige do rolladh amach na hoiliúna speisialaithe soláthair don fhoireann ar fad i 2025 chun leibhéil chomhlíonta a fheabhsú ar fud na heagraíochta.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram