

Dar le teaghlaigh Danielle McLaughlin, bean Éireannach a maraíodh san India, tá triail don té atá faoi amhras ag cur imní orthu de bharr go raibh stróc ag an ionchúisitheoir stáit agus caithfear dlíodóir nua a aimsiú.
Thángthas ar an mbean óg, a bhí 28 bliain d’aois, agus í marbh in áit iargúlta i gCanacona, cuid de cheantar Goa atá an-mhór le turaseoirí, i Márta 2017
Cuireadh moill ar thriail Vikat Bhagat, an fear atá faoi amhras maidir le héigniú agus dúnmharú Danielle.

D’iarr an t-ionchúisitheoir stáit nua ar an mbreitheamh le haghaidh níos mó ama breathnú ar an gcás ach diúltaíodh é seo.
Dúirt Andrea Brannigan, máthar Danielle, go bhfuil imní ar an gclann anois nach mbeidh tuiscint cheart ag an ionchúisitheoir nua ar an gcás cé go bhfuil an teaghlach tar éis a bheith ar feadh na mblianta do chinneadh na cúirte.
Dúirt sí: ‘Cuireadh tús leis arís. Bhí stróc ag an ionchúisitheoir deireanach agus bhí orthu ionchúisitheoir nua a aimsiú. Theastaigh ón gceann nua go mbeadh níos mó ama aige agus diúltaíodh é seo.
‘Tá imní orainne nach bhfuil an t-ionchúisitheoir poiblí nua ar an eolas faoin gcás, nach dtuigeann sé an argóint.
‘Táimid tar éis a bheith ag fanacht le fada ach anois, ní chuireadh sé isteach orm dá leanfadh sé ar aghaidh go Mí an Mhárta le go mbeadh níos mó ama aige.’
Dúirt Andrea freisin go raibh sé tábhachtach go mbeadh sí in ann breathnú go díreach ar an bhfear atá faoi amhras idir a dhá shúil.
Is é an príomhrud a theastaíonn ón dteaghlach ná go mbeidh an ceart déanta agus nach mbeidh an té in amhras in ann achainí a dhéanamh más rud é go gciontófar é.
Dúirt Andrea: ‘Ní theastaíonn uaim go mbeidh an cumas aige achainí a dhéanamh. Airím go mbeidh achainí déanta fiú má chiontófar é.
‘I ndáiríre ba mhaith liom a bheith in ann breathnú air sa chúirt.
‘Tuigim nach ndéanfaidh sé mórán de dhifríocht agus déanamh mé mo dhícheall gan a bheith ag caoineadh agus mé ag breathnú air.
Mí an Mheithimh 2022, thaisteal thaidhleoirí as Éirinn agus Sasana go Goa agus chas siad le príomh-aire an cheantair le marú Danielle a phlé.
Mí Shamhna 2022, d’fhoghlaim Bhagat go bhfuair a athair bás san ospidéal agus rinne sé iarratas le haghaidh bannaí ar feadh tréimhse 30 lá.

Diúltaíodh é seo, ach tar éis achainí lig an chúirt dó páirt a ghlacadh i searmanas ar feadh dhá lá.
Bhí aithne ag Danielle ar Bhagat óna bheith ag taisteal san India roimhe.
Thaispeáin post mortem gur fhulaing Danielle ó ghortaithe ar a ceann agus gur tachtadh í.
Chuala an chúirt faoin gcaoi gur tháinig feirmeoir ar chorpán Danielle agus é clúdaithe le fuil, Mí Mhárta 2017.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.