

Tá níos mó micreaphlaistigh (microplastics) in inchinn an duine ná riamh, dar le staidéar ar tionchar na cáithníní (particles) contúirteacha le plaisteach ar an néaltrú (dementia).
Rinne eolaithe anailís ar inchinn daoine a fuair bás i 2024 agus tugadh le fios go raibh líon 50% níos mó plaisteach iontu ná in inchinn daoine a fuair bás i 2016.
D’aimsigh siad níos mó cáithníní plaisteacha in inchinn daoine a fuair bás ón néaltrú ná in inchinní (brains) daoine nach bhfuair bás ón ngalar.

Dúirt taighdeoirí in Ollscoil Mheicsiceo Nua go bhféadfadh ‘ardú i líon an phlaistigh i dtimpeallacht an domhain’ a bheith mar chúis leis na torthaí seo.
Leis an inchinn a bhaint amach, caithfidh an plaisteach an bhacainn fhola inchinne (blood-brain barrier), clúdach cealla timpeall na hinchinne a dhéanann scagadh ar shubstaintí contúirteacha.
Is í poileitiléin (polyethylene) an cineál plaisteach is coitianta san inchinn agus baintear úsáid as le málaí agus buidéil phlaisteacha a dhéanamh.
Thug údair an staidéir faoi deara go raibh gaol idir méid an phlaistigh san inchinn agus iarmhairtí diúltacha ar an tsláinte ach ní raibh siad in ann cúis dhíreach a aimsiú.
Fuarthas na samplaí ar fad ó chorpáin i Meicsiceo Nua agus oirchósta na Stát Aontaithe, agus dúirt na húdair go bhfuil níos mó taighde de dhíth le feiceáil an bhfuil méid an phlaistigh in inchinn an duine forleathan in áiteanna eile.
Dúirt Oliver Jones, ollamh ceimice i Melbourne na hAstráile nach gcruthaíonn 52 sampla laistigh de thréimhse dhá bhliain go bhfuil claonadh ann ón bplaisteach.

Thug sé le fios go bhféadfadh truailliú sa tsaotharlann a bheith mar chúis leis an mbaol ón bplaisteach.
Dúirt an t-ollamh Jones, ‘San iomlán, tá an obair spéisiúil ach de bharr na huimhreacha ísle sa sampla agus ceisteanna eile maidir leis an anailís, caithfear a bheith cúramach nuair a dhéantar iarracht ciall a bhaint as na torthaí.’
Dar le figiúirí ó Chumann Alzheimer na hÉireann, tá os cionn 64,000 daoine sa tír seo ag fulaingt ón néaltrú.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.