An tríú teanga i mbunscoil Ghaeilge? A bhfuil le rá ag na páistí féin

04/02/2025

Léiríonn staidéar nua, a théann i gcomhairle le páistí mar chuid den athfhorbairt ar churaclam na bunscoile, na buntáistí a bhaineann le tríú teanga a fhoghlaim i nGaelscoil

Tá sé léirithe ag staidéar nua go bhfuil sé tugtha le fios ag páistí i nGaelscoileanna go bhfuil foghlaim na Gaeilge ina bhuntáiste dóibh agus iad ag foghlaim teanga eile.

Gaelscoil uirbeach a bhí sa staidéar seo, ní i gceantar Gaeltachta, agus bhí sé i measc páistí i rang a ceathair agus a cúig a bhí ag foghlaim Fraincise i mbunscoil.

Gaelscoil uirbeach a bhí sa staidéar seo

De réir an staidéir thuairiscigh na páistí go ginearálta gur bhain siad taitneamh as an tríú teanga a fhoghlaim ar scoil agus dúirt siad go gcreideann siad go bhfuil sé tábhachtach teangacha eile agus cultúir eile a fhoghlaim.

Dúirt siad go raibh foghlaim an tríú teanga difriúil le foghlaim na Gaeilge ar scoil, agus difriúil le foghlaim an Bhéarla freisin.

Dúirt siad freisin go ndírítear níos mó ar an teanga ó bhéal agus an tríú teanga á fhoghlaim acu.

Tagann an t-eolas seo ó thuarascáil nua ón gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta [NCCA] faoi dhearcadh daltaí bunscoile, a rinne Ionad Oideachais Marino.

Tá an tuarascáil ar fail ANSEO.

Is i mBéarla atá sé. Child’s Voice: Consulting with children as part of the redevelopment of the Primary School Curriculum’, an t-ainm atá air.

Tá sé ar fáil faoi: Case Study on Modern Foreign Language (School E) (Irish-medium school) Lch 73.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram