

Tá Sam Prendergast roghnaithe ag Simon Easterby in ionad Jack Crowley don chluiche rugbaí in aghaidh Sasana ach tógann sé sin seans de Crowley a deir Ronan O’Gara
Cuirfear tús spleodrach le feachtas na hÉireann sa rugbaí i gCraobh na Sé Náisiún nuair a thabharfaidh siad aghaidh ar Shasana i mBaile Átha Cliath Dé Sathairn.
Tá painéal foirne rugbaí na hÉireann fógartha ag an mbainisteoir sealadach Simon Easterby atá ag seasamh isteach in áit Andy Farrell.

Agus le sin bhí ceist mhór ann maidir leis an té a chaithfeadh geansaí uimhir 10, ach tá an cinneadh déanta ag Easterby Sam Prendergast a roghnú thar Jack Crowley.
D’éirigh thar cionn le Prendergast, nach bhfuil ach 21 bliain d’aois, nuair a d’imir sé san Autumn Nations Series agus d’éirigh go maith leis ag tosú i gcoinne na hAstráile.
Beidh réalt Chúige Laighin sa rugbaí ag tacú le Jamison Gibson-Park ar an líne leathchúil.
Creideann Ronan O’Gara, áfach, go bhféadfadh Jack Crowley leas a bhaint as tús a chur le Sé Náisiún na bliana seo ar an mbinse.
Dúirt O’Gara go mbeidh sé ina bhuntáiste do Crowley agus é ag breathnú ar an gcluiche agus ag ullmhú chun a áit a ghlacadh ar an bpáirc.
‘Nuair a bhíonn taithí agat a bheith fágtha ar an mbinse, tá sé thar cionn mar is féidir leat a thuiscint cad é do ról,’ a dúirt Ronan i Podchraoladh Rugbaí an Irish Examiner.
‘Go bunúsach, tá tú cosúil le tacadóir ag breathnú ar an gcluiche ach tá a fhios agat gurb tusa an t-aon tacadóir amháin atá in ann dul isteach sa chluiche agus difríocht a dhéanamh.
‘Mar sin caithfidh tú an cluiche a scanadh agus féachaint cá bhfuil an spás más tusa an bainisteoir cluiche, mar is é sin a dhéanann formhór na nUimhreacha 10.’
Dúirt sé: ‘In Éirinn an Uimhir 10 atá i gceannas, mar sin beidh sé tábhachtach a bhuntáiste a úsáid thar Prendergast; tá níos mó taithí aige. Tá cásanna feicthe aige níos minice ná mar atá ag Prendergast, mar sin ba chóir go mbeadh a inchinn in ann na deiseanna sin a chomhshamhlú.’
Dúirt sé freisin: ‘Caithfidh tú a bheith réidh. Caithfidh tú rud éigin a chur leis – níl tú ag glacadh ionad imreora, tá tú ag déanamh níos fearr don fhoireann trí bheith i do chinnteoir dearfach le 10, 20 nó 25 nóiméad anuas.’
Tá an fhoireann tar éis seachtain a chaitheamh sa Phortaingéil le haghaidh campa traenála agus fonn orthu díoltas a bhaint amach sa rugbaí i gcoinne na Sasanach théis an cliseadh uafásach i Twickenham anuraidh.
Bhí imní ag lucht leanúna na rugbaí maidir le gortaithe agus is léir nach nglacfaidh Tadhg Furlong in imeachtaí Dé Sathairn de bharr gortú ar a cholpa (calf).
Freisin beidh Ryan Baird ag imirt ar an líne ar chúl, rud a chiallaíonn go mbeidh Tadhg Beirne ag imirt chun tosaigh in éindí le James Ryan. Ní bheidh Joe McCarthy i láthair ar an bpáirc áfach.
Tugadh geansaí uimhir 3 go Finlay Bealham agus beidh sé ag imirt in éindí le Andrew Porter agus Ronan Kelleher.
Beidh Caelan Doris ag stiúradh rudaí ar pháirc na himeartha mar chaptaen na foirne agus beidh Josh Van der Flier le feiceáil ar a sheanléim arís comh maith.
Tá Easterby tar éis Bundee Aki a roghnú thar Robbie Henshaw agus beidh sé ag imirt i gcomhar le Garry Ringrose i lár na páirce.

Beidh Hugo Keenan ag imirt mar lánchúlaí agus Mack Hansen agus James Lowe taobh leis ar na cliatháin.
Ar an mbinse, tá áit faighte ag Iain Henderson in ionad McCarthy agus beidh Dan Sheehan ag filleadh freisin tar éis a ghlúin a ghortú san Aifric Theas i rith an tSamhraidh.
Cuirfear tús leis an gcluiche rugbaí i gcoinne Sasana ag 4.45in, Dé Sathairn agus beidh sé á chraoladh beo ar Virgin Media 1.
Foireann na hÉireann: Hugo Keenan; Mack Hansen, Garry Ringrose, Bundee Aki, James Lowe; Sam Prendergast, Jamison Gibson-Park; Andrew Porter, Rónan Kelleher, Finlay Bealham; James Ryan, Tadhg Beirne; Ryan Baird, Josh van der Flier, Caelan Doris (C)
Fir ionaid: Dan Sheehan, Cian Healy, Thomas Clarkson, Iain Henderson, Jack Conan, Conor Murray, Jack Crowley, Robbie Henshaw.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.