Gaeilge ag 7 dár 15 aire sinsearacha nua sa Rialtas: Labhair Gaeilge linn, a Áire!

26/01/2025

Tá Gaeilge líofa ag an aire sinsearach nua atá i bhfeighil na Gaeltachta, mar aon le seisear eile

Is cainteoirí líofa Gaeilge iad seachtar dár 15 aire sinsearacha, agus iad in ann agallaimh a dhéanamh i nGaeilge ar na meáin chumarsáide.

Is féidir leo anois cúis na teanga a chur chun cinn ar bhealach nár tharla riamh cheana.

Tá seisear ó Fhianna Fáil agus duine amháin ó Fhine Gael.

Tá na hathruithe chun an Ghaeilge a chur chun cinn déanta cheana féin, ionas gur féidir le hÉirinn a bheith ina thír dhátheangach mar atá ag cuid mhaith de na tíortha Eorpacha.

Dara Calleary
Dara Calleary

Tá na dlíthe athraithe, tá stádas iomlán tugtha ag an    Aontas Eorpach don Ghaeilge agus tá thart ar 60,000 dalta ag fágáil na scoile le Gaeilge acu gach bliain.

Chomh maith leis sin caithfidh 5% d’fhógraíocht an Stáit a bheith sna meáin Ghaeilge, ciallaíonn sé sin go bhfuil comhlachtaí príobháideacha na meán sásta anois an Ghaeilge a chur chun cinn – ní ar an Stát amháin atá an suim.

Cuirtear agallamh rialta ar an teilifís agus ar an raidió ar an Taoiseach Micheál Martin agus ar an duine atá i gceannas ar chaiteachas an Rialtais, Jack Chambers.

Chomh maith leis sin ba é Jack Chambers an fear a thug isteach na hathruithe ar Acht na dTeangacha a chinnteoidh go mbeidh 10% d’earcaigh nua sa státseirbhís in ann cumarsáid a dhéanamh i nGaeilge.

Aire Dlí agus Cirt Jim O'Callaghan
Aire Dlí agus Cirt Jim O’Callaghan

Is iad na seacht n-airí sinsearacha sa Rialtas nua: an Taoiseach Micheál Martin; an tAire sa Roinn Coimirce Sóisialaí agus Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary; an tAire Dlí agus Cirt, Jim O’Callaghan: an tAire Aeráide agus Iompair, Darragh O’Brien; an tAire Leanaí agus Daoine faoi Mhíchumas, Norma Foley; an tAire Caiteachais Phoiblí Jack Chambers agus an tAire Cumarsáide Ealaíon agus Meán, Patrick O’Donovan.

Tá Gaeilge freisin ag an sár-airí sóisearacha, Hildegarde Naughton, a bheidh freagrach as daoine atá faoi mhíchumas.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram